Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Commission - Logo

Forléargas

  • Ról: Cuireann sé leas ginearálta an Aontais chun cinn trí reachtaíocht a mholadh agus a fhorfheidhmiú agus lena chois sin trí bheartais agus buiséad an Aontais a chur i bhfeidhm
  • Comhaltaí: Foireann nó ‘Coláiste’ Coimisinéirí, ceann amháin as gach Ballstát
  • Uachtarán: Ursula von der Leyen
  • Bliain a bhunaithe: 1958
  • Áit: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh gréasáinan Coimisiún Eorpach

Is é an Coimisiún Eorpach feidhmeannas an Aontais atá neamhspleách ó thaobh na polaitíochta de. Is faoin gCoimisiún agus faoin gCoimisiún amháin atá sé tograí le haghaidh reachtaíocht Eorpach nua a dhréachtú, agus is é a chuireann cinntí Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

Cad a dhéanann an Coimisiún?

Molann sé dlíthe nua

Is é an Coimisiún an t-aon institiúid de chuid an Aontais a mholann dlíthe lena nglacadh ag an bParlaimint agus an Chomhairle:

  • a chosnaíonn leasanna an Aontais agus a chuid saoránach i dtaobh ceisteanna nach féidir déileáil leo go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta
  • a chinntíonn go bhfuil sonraí teicniúla beachta sna dlíthe sin trí dhul i gcomhairle le saineolaithe agus leis an bpobal

Bainistíonn sé beartais an Aontais agus leithdháileann sé maoiniú an Aontais

  • leagann sé amach tosaíochtaí caiteachais an Aontais, in éineacht leis an gComhairle agus an Pharlaimint
  • dréachtann sé na buiséid bhliantúla lena bhformheas ag an bParlaimint agus an Chomhairle
  • maoirsíonn sé an chaoi ina gcaitear an t-airgead, faoi ghrinnscrúdú na Cúirte Iniúchóirí.

Forfheidhmíonn sé dlí an Aontais Eorpaigh

  • in éineacht leis an gCúirt Bhreithiúnais, cinntíonn sé go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm mar is cuí i ngach Ballstát

Ionadaíonn sé don Aontas Eorpach ar leibhéal idirnáisiúnta

  • labhraíonn sé thar ceann na mBallstát uile i gcomhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe i réimsí na trádála agus na cabhrach daonnúla
  • caibidlíonn sé comhaontuithe idirnáisiúnta don Aontas Eorpach

Comhdhéanamh

Tugann foireann de 27 gCoimisinéirí (duine as gach tír san Aontas) ceannaireacht pholaitiúil, agus i gceannas ar an bhfoireann sin tá Uachtarán an Choimisiúin, a chinneann cé atá freagrach as na réimsí beartais ar leith.

Is é atá i gColáiste na gCoimisinéirí Uachtarán an Choimisiúin, ochtar Leas-Uachtarán (triúr Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin san áireamh), Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus 18 gCoimisinéir a bhfuil punann cúraimí ar leith orthu.

Is iad baill foirne an Choimisiúin (dlíodóirí, eacnamaithe, srl.), agus iad eagraithe ina ranna ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna) a dhéanann an obair laethúil. Bíonn réimse beartais ar leith faoi chúram gach Ard-Stiúrthóireachta.

An tUachtarán a cheapadh

Is iad na ceannairí náisiúnta sa Chomhairle Eorpach a chuireann an t-iarrthóir ar aghaidh, agus torthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh acu. Teastaíonn tacaíocht ó thromlach na bhFeisirí i bParlaimint na hEorpa ón iarrthóir sin le go dtoghfar é.

An fhoireann a roghnú

Roghnaíonn an t-iarrthóir ar an Uachtaránacht Leas-Uachtaráin agus Coimisinéirí féideartha ar bhonn moltaí ó na Ballstáit. Ní mór formheas a fháil ó cheannairí náisiúnta na Comhairle Eorpaí do liosta na n-ainmnitheach.

Tagann gach ainmnitheach i láthair Pharlaimint na hEorpa leis an bhfís atá acu a mhíniú agus le ceisteanna a fhreagairt. Caitheann an Pharlaimint vóta ansin faoi cé acu a ghlacfar nó nach nglacfar leis na hainmnithigh mar fhoireann. Ar deireadh, ceapann an Chomhairle Eorpach iad, trí thromlach cáilithe.

Ritheann téarma an Choimisiúin reatha go dtí an Déardaoin 31 Deireadh Fómhair 2024

Cén chaoi a n-oibríonn an Coimisiún?

Pleanáil Straitéiseach

Is é an tUachtarán a stiúrann beartais don Choimisiún, rud a chuireann ar chumas na gCoimisinéirí le chéile cuspóirí straitéiseacha a chinneadh agus an clár oibre bliantúil a leagan síos.

Cinntí comhchoiteanna a dhéanamh

Déantar cinntí bunaithe ar fheagracht chomhchoiteann. Bíonn na Coimisinéirí uile ar comhchéim sa phróiseas cinnteoireachta agus chomh cuntasach lena chéile as na cinntí sin. Ní bhíonn aon chumhachtaí cinnteoireachta aonair acu, seachas nuair a cheadaítear a leithéid i gcásanna áirithe.

Gníomhaíonn na Leas-Uachtaráin thar ceann an Uachtaráin agus comhordaíonn siad a gcuid oibre sa réimse atá faoina gcúram in éineacht le roinnt Coimisinéirí. Sainítear tionscadail tosaíochta lena chinntiú go n-oibríonn an Coláiste i ndlúthchomhar le chéile agus ar bhealach solúbtha.

Tacaíonn na Coimisinéirí leis na Leas-Uachtaráin agus tograí á gcur faoi bhráid an Choláiste. De ghnáth, is trí chomhthoil a dhéantar cinntí, ach is féidir vótáil bheith i gceist chomh maith. Sa chás sin, déantar cinntí trí thromlach simplí, rud a chiallaíonn go bhfuil vóta amháin ag gach Coimisinéir.

Is í an Ard-Stiúrthóireacht ábhartha (a bhfuil Ard-Stiúrthóir i gceannas uirthi, atá freagrach don Choimisinéir ábhartha) a thugann faoin ábhar ansin. Is i bhfoirm dréacht-tograí reachtacha a dhéantar é sin de ghnáth.

Cuirtear na dréacht-tograí faoi bhráid na gCoimisinéirí in athuair ansin lena nglacadh ag a gcruinniú seachtainiúil, tar éis sin is tograí oifigiúla iad, agus cuirtear chuig an gComhairle agus Parlaimint na hEorpa iad le haghaidh na chéad céime eile i bpróiseas reachtach an Aontais.

Tusa agus an Coimisiún Eorpach

Ionchur a thabhairt

Má theastaíonn uait do thuairimí faoi bheartais an Aontais a chur chugainn nó athruithe nó beartais nua a mholadh, tá roinnt roghanna agat:

Eolas a fháil

Cuireann an Coimisiún seirbhísí comhairle agus eolais ar fáil chun cuidiú leat maidir le gnó, staidéar, ábhair dhlíthiúla, agus gluaiseacht timpeall na hEorpa agus bheith ag obair inti.

Déan teagmháil linn

Má tá aon cheisteanna agat faoin obair a dhéanaimid:

Rochtain ar dhoiciméid

Rochtain ar fhaisnéis

Féilire Uachtarán an Choimisiúin

Féilirí na gCoimisinéirí

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

Ábhar closamhairc

Maoiniú

Foilseacháin

Leabharlann an Choimisiúin Eorpaigh agus an tIonad Acmhainní Leictreonacha (Find-eR)

Poist

Teagmháil

An Coimisiún Eorpach

Ainm
An Coimisiún Eorpach
Suíomh gréasáin
https://commission.europa.eu/index_ga
Uimhir ghutháin
+32 2 299 11 11
Seoladh poist
Rue de la Loi / Wetstraat 200, 1049 Bruxelles/an Bhrúiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta