Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Parliament - logo

Forléargas

  • Ról: Comhlacht den Aontas Eorpach a thoghtar go díreach, a bhfuil cúraimí reachtacha, maoirseachta, agus buiséadacha aige
  • Feisirí: 705 Fheisire (Feisirí Pharlaimint na hEorpa)
  • Uachtarán: Roberta Metsola
  • Bliain a bunaithe: 1952 mar Comhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, 1962 mar Pharlaimint na hEorpa, an chéad toghchán díreach i 1979
  • Láthair: Strasbourg (an Fhrainc), an Bhruiséil (an Bheilg), Lucsamburg
  • Suíomh GréasáinParlaimint na hEorpa

Is í Parlaimint na hEorpa comhlacht reachtóireachta an Aontais Eorpaigh. Toghann saoránaigh an Aontais a feisirí gach 5 bliana.

Toghcháin

Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl an 6-9 Meitheamh 2024. Faigh amach conas do vóta a chaitheamh.

Cad a dhéanann an Pharlaimint?

3 phríomhról ag an bParlaimint:

Ról reachtach
  • Dlíthe an Aontais a rith, in éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach
  • Cinneadh a dhéanamh faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta
  • Cinneadh a dhéanamh faoi mhéaduithe
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chlár oibre an Choimisiúin agus iarraidh air reachtaíocht a mholadh
Ról maoirseachta
  • Grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar institiúidí uile an Aontais Eorpaigh
  • Uachtarán an Choimisiúin a thoghadh agus an Coimisiún mar chomhlacht a fhormheas. Féadfaidh an Pharlaimint tairiscint cháinte a dhéanamh, rud a chuirfeadh iallach ar an gCoimisiún éirí as
  • Urscaoileadh a dheonú, i.e. an chaoi ar caitheadh buiséid an Aontais a fhormheas
  • Achainí saoránach a scrúdú agus fiosrúcháin a bhunú
  • Beartas airgeadaíochta a phlé leis an mBanc Ceannais Eorpach
  • An Coimisiún agus an Chomhairle a cheistiú
  • Breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin
Buiséadach
  • Buiséad an Aontais a bhunú, in éineacht leis an gComhairle
  • Buiséad fadtéarmach an Aontais, ar a dtugtar an ‘Creat Airgeadais Ilbhliantúil’ a fhormheas

Comhdhéanamh

Tá an líon Feisirí in aghaidh gach tír comhréireach lena daonra tríd is tríd, ach is trí chomhréireacht chéimlaghdaitheach atá sé mar sin: ní féidir le haon tír níos lú ná 6 Fheisire nó níos mó ná 96 Fheisire a bheith aici agus ní féidir leis an líon iomlán dul thar 750 (móide an tUachtarán). Déantar Feisirí a ghrúpáil de réir cleamhnacht pholaitiúil seachas de réir náisiúntachta.

Déanann an tUachtarán ionadaíocht thar ceann na Parlaiminte chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig an domhan mór, agus is aige a bhíonn an focal deireanach maidir le buiséad an Aontais.

Cén chaoi a n-oibríonn an Pharlaimint?

Tá dhá phríomhchéim i gceist le hobair na Parlaiminte:

  • Coistí – chun reachtaíocht a ullmhú.
    20 coiste agus trí fhochoiste ag an bParlaimint, agus réimse beartais ar leith á láimhseáil ag gach ceann acu. Scrúdaíonn na coistí na tograí le haghaidh reachtaíochta, agus is féidir le Feisirí agus grúpaí polaitiúla leasuithe a chur ar aghaidh nó diúltú do bhille a mholadh. Déantar na saincheisteanna sin a chaibidliú laistigh de na grúpaí polaitiúla chomh maith.
  • Seisiúin iomlánacha – chun reachtaíocht a rith.
    Tagann na Feisirí go léir le chéile sa seomra chun vóta deiridh a chaitheamh ar an reachtaíocht mholta agus ar na leasuithe molta. De ghnáth is i Strasbourg a thionóltar iad ar feadh ceithre lá in aghaidh na míosa, ach bíonn seisiúin bhreise sa Bhruiséil uaireanta.

Tusa agus an Pharlaimint

Más mian leat iarraidh ar an bParlaimint gníomhú ar shaincheist ar leith, is féidir achainí a chur chuici (tríd an bpost nó ar líne).

Is féidir ábhar ar bith a thagann faoi choimirce an Aontais Eorpaigh a bheith san achainí.

Chun achainí a chur isteach, ní mór duit a bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas nó a bheith i do chónaí san Aontas. Ní mór do chuideachtaí nó eagraíochtaí eile a bheith bunaithe anseo.

Tá bealaí eile chun teagmháil a dhéanamh leis an bParlaimint, amhail teagmháil a dhéanamh le d’fheisire áitiúil nó le hOifig Eolais Pharlaimint na hEorpa i do thír féin.

Rochtain ar dhoiciméid

Rochtain ar eolas

Seisiúin na Parlaiminte

Clár oibre Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Tuilleadh eolais

Eolaire Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cuairt a thabhairt ar an bParlaimint

Cumhachtaí agus nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

Foilseacháin

Poist

Teagmháil

Parlaimint na hEorpa

Ainm
Parlaimint na hEorpa
Suíomh gréasáin
https://www.europarl.europa.eu/portal/ga
Uimhir ghutháin
+32 2 284 21 11
Uimhir facs
+32 2 284 69 74
Seoladh poist
Rue Wiertz/Wiertzstraat 60, 1047 Bruxelles/An Bhruiséil, An Bheilg
Na meáin shóisialta