Buiséad an Aontais
Le buiséad an Aontais, comhcheanglaítear acmhainní ar leibhéal an Aontais agus cuirtear ar chumas na mBallstát níos mó a bhaint amach le chéile ná mar a dhéanfaidís dá ngníomhóidís astu féin, mar shampla tionscadail bhonneagair nó taighde a mhaoiniú.
Úsáidtear buiséad an Aontais go príomha le haghaidh infheistíochta agus comhlánaíonn sé na buiséid náisiúnta. Is é is príomhaidhm dó borradh a chur faoin bhfás agus faoin iomaíochas ar leibhéal níos leithne san Aontas. Ní úsáidtear é ach amháin nuair is éifeachtaí tionscnaimh a reáchtáil ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta.
Maoiníonn sé tionscadail agus gníomhaíochtaí a dhíríonn ar an méid seo a leanas:
- limistéir thuaithe agus réigiúin thearcfhorbartha a fhorbairt
- an comhshaol a chosaint
- tacú le cláir oideachais agus thaighde an Aontais Eorpaigh (e.g. Erasmus+ agus Fís Eorpach)
- teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint
- forbairt idirnáisiúnta a chur chun cinn
- cearta an duine a chur chun cinn
Roinnt samplaí den mhéid a dhéantar le buiséad an Aontais
Faoi láthair, tagann tíortha an Aontais ar chomhaontú maidir le buiséad fadtéarmach a chumhdaíonn roinnt blianta. Laistigh den chreat sin, déantar buiséad bliantúil a dhréachtú agus a chomhaontú gach bliain, lena leithdháiltear cistiú ar thionscadail, ar chláir agus ar riachtanais shonracha i gcomhréir leis an mbuiséad fadtéarmach.
Buiséad fadtéarmach
Leagtar amach sa bhuiséad fadtéarmach – ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) – na tosaíochtaí agus na teorainneacha caiteachais do roinnt blianta. Socraítear ann na huasmhéideanna bliantúla le haghaidh chaiteachas an Aontais ina iomláine agus na príomhchatagóirí caiteachais. Cuidíonn sé freisin leis an Aontas a chláir chistiúcháin a phleanáil roinnt blianta roimh ré.
An buiséad fadtéarmach atá ann faoi láthair, téann sé ó 2021 go 2027. Is toradh é ar chaibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bunaithe ar thogra ón gCoimisiún.
Thart ar €2 thrilliún i bpraghsanna reatha atá sa bhuiséad fadtéarmach sin, mar aon leis an gciste téarnaimh iar-COVID NextGenerationEU.
Tosaíonn an chaibidlíocht maidir leis an mbuiséad fadtéarmach cúpla bliain sula nglacfar é.
Seolann an Coimisiún an próiseas foirmiúil trí phacáiste tograí a thíolacadh don chéad bhuiséad fadtéarmach eile. Áirítear sa phacáiste sin tograí le haghaidh na nithe seo a leanas:
- gníomh dlí (rialachán) ina leagtar amach an méid is féidir leis an Aontas a chaitheamh (‘Rialachán CAI’)
- cinneadh lena leagtar síos foinsí ioncaim an Aontais (an ‘Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse’)
- reachtaíocht in earnálacha sonracha, lena rialaítear cláir chistiúcháin uile an Aontais.
Ullmhaíonn Comhairle an Aontais Eorpaigh a seasamh ar bhonn na dtograí ón gCoimisiún. Sainaithnítear ann na pointí ar gá do cheannairí an Aontais treo polaitiúil agus tosaíochtaí a leagan síos ina leith. Cuidíonn na torthaí le ceannairí an Aontais sa Chomhairle Eorpach a ndréachtchonclúidí maidir leis an bpacáiste CAI a dhréachtú. Cuireann sin treoir pholaitiúil ar fáil maidir le príomhchodanna an bhuiséid, rud a chuireann ar chumas na Comhairle teacht ar a seasamh.
Glacann Parlaimint na hEorpa seasamh freisin bunaithe ar thograí an Choimisiúin.
A luaithe a bhíonn a seasamh leagtha amach ag na páirtithe uile, cuirtear tús leis an gcaibidlíocht idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, agus é mar aidhm teacht ar chomhaontú.
A luaithe a thagtar ar chomhaontú, glactar an buiséad fadtéarmach trí ‘nós imeachta reachtach speisialta’ a leanúint. Maidir leis an dá phríomhghníomh dlí:
Glactar Rialachán CAI tar éis:
- don Chomhairle teacht ar aontoiliú maidir leis an gcomhaontú a comhaontaíodh sa chaibidlíocht
- do Pharlaimint na hEorpa a toiliú a thabhairt chun an próiseas cinnteoireachta a thabhairt chun críche (féadfaidh sí an seasamh ón gComhairle a fhormheas nó a dhiúltú ach ní féidir léi leasuithe a dhéanamh air).
Sular féidir an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse a chur i bhfeidhm, tá gá leis an méid seo a leanas:
- comhaontú d’aon toil sa Chomhairle
- tuairim ón bParlaimint
- formheas ó gach tír san Aontas de réir a gceanglas bunreachtúil (e.g. ó na parlaimintí náisiúnta).
Más gá, is féidir an buiséad fadtéarmach a athbhreithniú le linn a shaolré má tharlaíonn dúshláin nua nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus nach raibh coinne leo.
Mar shampla, b’amhlaidh an cás le haghaidh 2021-27 tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, boilsciú ard agus rátaí úis arda, agus dúshláin a bhaineann leis an imirce. Mar thoradh orthu sin, mhol an Coimisiún athbhreithniú ar an mbuiséad in 2023, agus ghlac an Chomhairle é tar éis toiliú na Parlaiminte a fháil in 2024.
An buiséad bliantúil
Déantar buiséad bliantúil nua a chaibidliú agus a ghlacadh gach bliain. Leagtar amach leis sin an caiteachas agus an t-ioncam don bhliain airgeadais laistigh de na méideanna a comhaontaíodh faoin mbuiséad fadtéarmach.
Cuireann an Coimisiún dréachtbhuiséad ar aghaidh agus déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a chaibidliú agus a chomhaontú ina dhiaidh sin. Is é an Coimisiún atá freagrach as an mbuiséad a chur i bhfeidhm.
Ag brath ar an gcineál cistiúcháin atá i gceist, is féidir buiséad an Aontais a bhainistiú ar cheann amháin de na bealaí seo a leanas:
- i gcomhpháirt ag an gCoimisiún agus na húdaráis náisiúnta
- go díreach ag an gCoimisiún
- go hindíreach ag údaráis eile laistigh nó lasmuigh den Aontas.
Is iad tíortha an Aontais agus an Coimisiún le chéile atá freagrach as timpeall leath den bhuiséad a chur i bhfeidhm.
An chaoi a ndéantar an buiséad bliantúil a chaibidliú agus a ghlacadh
Is i gcomhpháirt le chéile a chinneann an Pharlaimint agus an Chomhairle buiséad bliantúil an Aontais. Déantar é a dhréachtú agus a chaibidliú sa bhliain sula gcuirtear i bhfeidhme é.
- Faoin 1 Iúil, seolann institiúidí uile an Aontais a ráiteas faoi mheastacháin faoi seach chuig an gCoimisiún.
- Faoin 1 Meán Fómhair, cuireann an Coimisiún a dhréachtbhuiséad bliantúil faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle bunaithe ar an Rialachán CAI atá ann faoin láthair agus ar na treoirlínte buiséid don bhliain atá le teacht. An chuid is mó den am, cuireann an Coimisiún an dréachtbhuiséad i láthair i mí an Mheithimh.
- Faoin 1 Deireadh Fómhair, glacann an Chomhairle a seasamh maidir leis an dréachtbhuiséad (leasuithe ina measc)
- Laistigh de 42 lá, glacann an Pharlaimint a seasamh (aon leasuithe ina measc).
Tar éis an dréacht a thíolacadh agus na seasaimh a ghlacadh, braitheann na chéad chéimeanna eile ar an gcaoi agus ar an tráth a dtiocfar ar chomhaontú.
Mura mbíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle ar aon intinn le chéile:
- tionóltar ‘coiste idir-réitigh’ le hionadaithe ón bParlaimint agus ón gComhairle araon. Tá sé de chúram orthu teacht ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach laistigh de 21 lá tar éis don Pharlaimint a seasamh a ghlacadh
- ina dhiaidh sin, tá 14 lá ag an bParlaimint ag an gComhairle an téacs comhpháirteach a fhormheas nó a dhiúltú.
Tá trí thoradh fhéideartha ann:
- Má fhormheasann an Pharlaimint agus an Chomhairle araon an téacs comhpháirteach: glacann an Pharlaimint an buiséad
- Má dhiúltaíonn an Chomhairle don téacs comhpháirteach: is féidir leis an bParlaimint an buiséad a ghlacadh fós ach ní féidir léi sin a dhéanamh ach amháin má vótálann tromlach na bhFeisirí, is é sin 60% de na vótaí a chaitear, ina bhfabhar
- Má dhiúltaíonn an Pharlaimint agus an Chomhairle araon don téacs comhpháirteach nó mura n-éiríonn leo teacht ar chomhaontú ina leith: diúltaítear don bhuiséad agus ní mór don Choimisiún dréachtbhuiséad nua a thíolacadh
Amhail an buiséad fadtéarmach, is féidir an buiséad bliantúil a leasú chun freagairt ar imthosca gan choinne nó ar eolas nua nach raibh ar fáil tráth an togra ón gCoimisiún.
D’fhéadfadh sin a bheith i bhfoirm ‘litir leasaitheach’ (murar glacadh an buiséad) nó i bhfoirm buiséad leasaitheach (le linn an chur i bhfeidhm). Leanann siad na rialacha céanna leis an mbuiséad fadtéarmach.
Amlíne na caibidlíochta buiséadaí bliantúla
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-ullmhaítear an buiséad bliantúil