Tá buiséad an Aontais ríthábhachtach chun freagairt ar na dúshláin atá roimh an Aontas. Cinntítear leis go leanann an tAontas de bheith daonlathach síochánta rathúil iomaíoch. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun tosaíochtaí agus mórthionscadail an Aontais a mhaoiniú, ar nithe iad nach bhféadfadh formhór thíortha an Aontais a mhaoiniú astu féin – mar gheall ar mhéid an tionscadail nó ar a chineál trasteorann. Trí acmhainní a chomhthiomsú, seasamh le chéile agus cabhrú le tíortha uile an Aontais, lena saoránaigh agus níos faide i gcéin, neartaíonn buiséad an Aontais geilleagar agus seasamh geopholaitiúil na hEorpa.
Glacann an tAontas pleananna caiteachais fadtéarmacha, ar a dtugtar creataí airgeadais ilbhliantúla, ina leagtar amach tosaíochtaí caiteachais agus teorainneacha caiteachais an Aontais ar feadh roinnt blianta. An buiséad fadtéarmach atá ann faoi láthair, téann sé ó 2021 go 2027.
Chomh maith leis an mbuiséad fadtéarmach, déantar buiséad bliantúil a chaibidliú agus a ghlacadh gach bliain. Leagtar amach leis sin an caiteachas agus an t-ioncam don bhliain airgeadais laistigh de na méideanna a comhaontaíodh faoin mbuiséad fadtéarmach.
Cuireann an Coimisiún dréachtbhuiséad ar aghaidh agus déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle é a chaibidliú agus a chomhaontú ina dhiaidh sin. Is é an Coimisiún atá freagrach as an airgead a bhainistiú cé go mbainistíonn sé níos mó ná a leath i gcomhpháirt leis na rialtais náisiúnta.
Gach bliain, déanann an Pharlaimint measúnú ar an gcaoi ar cuireadh buiséad na bliana roimhe sin i bhfeidhm agus cinneann sí cé acu a fhormheasfaidh nó nach bhformheasfaidh sí an chaoi a ndearna an Coimisiún amhlaidh, ar bhonn moladh ón gComhairle. Tugtar ‘an t-urscaoileadh a dheonú’ air sin.
Cad chuige a n-úsáidtear an t-airgead
Le buiséad an Aontais, cruthaítear poist, maoinítear tionscadail a fheabhsaíonn ár mbonneagar sláinte, oideachais, iompair agus fuinnimh, a fheabhsaíonn slándáil ár dteorainneacha, a chabhraíonn leis an athrú aeráide a chomhrac, agus a chuireann aistriú digiteach ár sochaithe chun cinn. Níl ansin ach roinnt samplaí.
Le blianta beaga anuas, tá buiséad an Aontais anois ina léiriú níos láidre ná riamh ar dhlúthpháirtíocht an Aontais trí fheidhmiú mar phríomhuirlis freagartha an Aontais ar ghéarchéimeanna. Cuidíonn sé chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is mó atá roimh an Aontas, idir paindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin, chomh maith lenár neamhspleáchas fuinnimh a chinntiú agus uathriail straitéiseach an Aontais a fhorbairt.
In éineacht leis an gciste téarnaimh NextGenerationEU, is ionann buiséad 2021-27 agus thart ar €2 thrilliún i bpraghsanna reatha. Is féidir é a mhiondealú ina thart ar 7 réimse caiteachais:
- An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha
- Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna
- Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol
- An imirce agus bainistiú teorainneacha
- An tslándáil agus an chosaint
- An chomharsanacht agus an domhan mór
- An Riarachán Poiblí Eorpach
Forbhreathnú ar mhéideanna an bhuiséid fhadtéarmaigh i bpraghsanna reatha
Tosaíochtaí agus caiteachas a leagtar amach sa bhuiséad do 2025
Déanann buiséad 2025 cúnamh a mhaoiniú chun cumhacht a thabhairt d’iarracht an Aontais a bheith níos iomaíche agus ár spriocanna aeráide a bhaint amach. Tugann sé aghaidh ar ghéarchéimeanna práinneacha, cuir i gcás na tuilte a tharla le déanaí i roinnt Ballstát de chuid an Aontais. Cuidíonn sé freisin leis an Aontas a nuachóiriú agus a neartú, tríd an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú, trí phoist a chruthú agus trí infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht.
Ina theannta sin, leanann sé de thacaíocht an Aontais don Úcráin a threisiú, borradh a chur faoi infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí criticiúla agus sa chosaint, agus cuidíonn sé leis an imirce a bhainistiú agus le haghaidh a thabhairt ar riachtanais téarnaimh na réigiún atá stollta ag an gcoinbhleacht ar fud an domhain.
Cistí an Aontais a bhainistiú
Le linn na tréimhse 2021-27, bainistítear an buiséad fadtéarmach mar seo a leanas:
- tá 56% de faoi chomhbhainistiú na n-údarás náisiúnta agus an Choimisiúin (‘bainistíocht chomhroinnte’)
- is é an Coimisiún, a ghníomhaireachtaí agus a oifigí lasmuigh den Aontas a bhainistíonn 37% de (‘bainistíocht dhíreach’)
- bainistíonn eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, gníomhaireachtaí náisiúnta agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad 7% de (‘bainistíocht indíreach’)
- i gcás NextGenerationEU, cuirtear 90% de na cistí ar fáil tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus cuirtear i bhfeidhm í trí bhainistíocht dhíreach agus is fiú €648 mbilliún san iomlán í.
Is ar an gCoimisiún atá an fhreagracht deiridh chun an buiséad a chur chun feidhme, agus ní mór dó a chinntiú go ndéantar taifead agus go gcoinnítear cuntas de gach euro a chaitear. I gcás íocaíochtaí míchuí, oibríonn an Coimisiún in éineacht le tíortha an Aontais chun an t-airgead sin a fháil ar ais.
Tá buiséad bliantúil an Aontais faoi réir seiceálacha inmheánacha agus seachtracha le linn a chur i bhfeidhm agus ina dhiaidh – ag an gCoimisiún, ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ag Parlaimint na hEorpa. Ina theannta sin, is féidir leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise imscrúdú a dhéanamh ar úsáid chalaoiseach bhuiséad an Aontais.
Bearta chun trédhearcacht a chinntiú agus buiséad an Aontais a chosaint