Buiséad – ioncam | an tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

An chaoi a maoinítear buiséad an Aontais Eorpaigh

Trí acmhainní ó thíortha an Aontais a chomhthiomsú, neartaíonn buiséad an Aontais geilleagar agus seasamh geopholaitiúil an Aontais. Cuireann sé feabhas ar shaol an 450 milliún duine atá ina gcónaí san Aontas sa lá atá inniu ann.  

Déantar an buiséad a mhaoiniú go príomha ó na foinsí seo a leanas: 

  • sciar d’ollioncam náisiúnta gach Ballstáit, bunaithe ar a shaibhreas
  • dleachtanna custaim ar iompórtálacha a thagann isteach san Aontas
  • cuid bheag den CBL a bhailíonn gach Ballstát
  • ranníocaíocht atá bunaithe ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i ngach tír den Aontas

Tugtar ‘acmhainní dílse’ an Aontais ar na foinsí sin, arb iad le chéile príomhfhoinse maoinithe bhuiséad an Aontais.

Déantar é a mhaoiniú freisin ó ioncam eile, ina measc ranníocaíochtaí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad le cláir ar leith, ús ar íocaíochtaí agus fíneálacha déanacha, chomh maith le barrachas ar bith ón mbliain roimhe

Tá buiséad an Aontais bunaithe ar an bprionsabal nach mór an caiteachas a mheaitseáil le hioncam, rud a chiallaíonn nach mór don ioncam bliantúil an caiteachas bliantúil a chumhdach go hiomlán. 

Ina theannta sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún Eorpach le Conarthaí an Aontais iasachtaí a fháil ó na margaí caipitil idirnáisiúnta thar ceann an Aontais. Ó bhí 2021 ann, tá an Coimisiún ag tiomsú cistí ar na margaí caipitil chun a phlean téarnaimh iar-COVID, NextGenerationEU, a mhaoiniú. Na bannaí sin de chuid an Aontais, aisíocfar iad thar thréimhse fhada go dtí 2058.