Skip to main content

Stair an Aontais Eorpaigh 1945-59

Síocháin san Eoraip agus tús an chomhair

Agus é mar aidhm acu deireadh a chur leis na coimhlintí fuilteacha a throidtí gan staonadh agus ar tharla an Dara Cogadh Domhanda mar thoradh orthu, chuir polaiteoirí na hEorpa tús le tógáil an Aontais Eorpaigh, mar is fearr aithne air inniu.

Ba é an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, a bunaíodh in 1951, an chéad chéim i dtreo síocháin bhuan. Le Conradh na Róimhe, a síníodh in 1957, bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus cuireadh tús le ré nua dlúthchomhair san Eoraip. Is le linn na tréimhse sin, áfach, a tháinig an Cogadh Fuar chun cinn, cogadh a chruthódh deighilt ar an mór-roinn a mhairfeadh níos mó ná 40 bliain.

8 Bealtaine 1945 – deireadh an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip

Tháinig an Dara Cogadh Domhanda chun deiridh san Eoraip. Bhí slad déanta ar an mór-roinn. Bhí na milliúin duine marbh, gortaithe nó easáitithe. Dúnmharaíodh sé mhilliún Giúdach san Uileloscadh.

4 Aibreán 1949 – Bunaíodh ECAT

Bunaíodh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), comhaontas slándála idir-rialtasach idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus 10 dtír in Iarthar na hEorpa. Faoi 2020 bhí 30 ball ag ECAT, 21 Bhallstát ina measc.

5 Bealtaine 1949 – Bunaíodh Comhairle na hEorpa

Chruthaigh 10 dtír in Iarthar na hEorpaComhairle na hEorpa chun an daonlathas a chur chun cinn agus cearta an duine agus an smacht reachta a chosaint. Tháinig an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine i bhfeidhm an 3 Meán Fómhair 1953.

9 Bealtaine 1950 – Plean le haghaidh comhar polaitíochta nua san Eoraip

Chuir Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, plean le haghaidh comhair níos doimhne i láthair. Mhol sé tionscail ghuail agus chruach Iarthar na hEorpa a chomhtháthú. Níos faide anonn, cuireadh tús le ceiliúradh bliantúil ar bhunú an Aontais Eorpaigh an 9 Bealtaine ‘Lá na hEorpa’.

18 Aibreán 1951 – An Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach

Bunaithe ar phlean Schuman, shínigh sé thír conradh ag toiliú a gcuid tionscal gual agus cruach a chur faoi chomhbhainistíocht. De dhroim an chonartha sin níorbh fhéidir le haon tír aonair feasta a cuid arm cogaidh féin a úsáid chun ionsaí a dhéanamh ar thíortha eile mar a rinneadh san am atá caite. Is iad an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg na sé thír a shínigh an conradh sin. Cuireadh tús leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach in 1952.

25 Márta 1957 – Conarthaí na Róimhe

I bhfianaise a fheabhas a d'éirigh leis an gConradh do Ghual agus Cruach, chuir na sé thír bhunaidh leis an gcomhar eatarthu chun earnálacha eacnamaíochta eile a chuimsiú. Shínigh siad dhá chonradh chun an méid sin a chur ar bhonn foirmiúil, agus leis an dá chonradh sin cruthaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (Euratom). Cuireadh tús leis na comhlachtaí sin an 1 Eanáir 1958.

19 Márta 1958 – Tús Pharlaimint na hEorpa

An chéad chruinniú de chuid Tionól Parlaiminteach na hEorpa, an eagraíocht a bhí ann roimh Pharlaimint na hEorpa mar atá anois, is in Strasbourg na Fraince a reáchtáladh an cruinniú sin, áit ar toghadh Robert Schuman ina Uachtarán. Tháinig an Tionól sin in áit Chomhthionól an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach agus athraíodh an t-ainm go Parlaimint na hEorpa an 30 Márta 1962.