Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

Ceantair tuaithe faoi bhláth agus scoth na dtáirgí talmhaíochta

Faoi 2050 ní mór a dhá oiread bia a tháirgeadh ar domhan chun freastal ar an daonra méadaithe agus ar an athrú nósmhaireachta i gcaitheamh an bhia. Caithfear aghaidh a thabhairt ar thionchar an athrú aeráide ar an mbithéagsúlacht, ar cháilíocht na hithreach agus an uisce, agus ar éilimh na margaí domhanda.

Le breis agus scór bliain anuas, is mór an t-athrú atá tagtha ar bheartas feirme an Aontais Eorpaigh chun cuidiú leis na feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, agus chun freagairt don athrú meoin atá ar na daoine agus do gach a bhfuil siad ag súil leis. Clúdaíonn beartas talmhaíochta an Aontais réimse leathan earnálacha, orthu sin cáilíocht an bhia, an inrianaitheacht, trádáil agus cur chun cinn tháirgí feirme an Aontais. Tugann an tAontas tacaíocht airgeadais dá chuid feirmeoirí, agus molann sé do dhaoine cleachtais inbhuanaithe a chur i bhfeidhm arb iad leas an chomhshaoil iad, agus bíonn sé ag infheistiú i bhforbairt na gceantar tuaithe chomh maith.

Bíonn institiúidí an Aontais ag obair as lámh a chéile i ndéanamh na mbeartas bia agus feirmeoireachta, agus i gcur chun feidhme agus sa mhonatóireacht ar dhéanamh na mbeartas. Is iad na húdaráis náisiúnta agus áitiúla a chuireann chun feidhme na dlíthe a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais. Cuirtear airgead ar fáil do na Ballstáit trí bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais. Déanann an tAontas monatóireacht chomh maith ar an gcaoi a gcuirtear dlíthe i bhfeidhm, ar a éifeachtaí atá siad, agus déanann sé comhordú ar leasuithe.

Tá os cionn 44 mhilliún post san Aontas Eorpach i réimse na talmhaíochta agus i réimse na dtionscal agus na seirbhísí a bhaineann le cúrsaí bia, orthu sin obair rialta do 20 milliún duine laistigh den earnáil talmhaíochta féin. A bhuíochas leis an éagsúlacht aeráide, an ithir thorthúil, le scileanna teicniúla a chuid feirmeoirí, agus le feabhas a chuid táirgí, tá an tAontas ar cheann de na táirgeoirí agus de na heaspórtálaithe táirgí talmhaíochta is tábhachtaí ar domhan.

Scéal físiúil

Ábhair ghaolmhara de chuid an Aontais