Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

I dtreo Eoraip níos glaise inbhuanaithe

Baineann saoránaigh an Aontais Eorpaigh tairbhe as roinnt de na caighdeáin chomhshaoil is airde ar domhan. Tá spriocanna soiléire leagtha síos ag an Aontas Eorpach agus ag na rialtais náisiúnta mar threoir do bheartas comhshaoil na hEorpa go dtí 2020, mar aon le fís níos fadtéarmaí de cá mbeimid faoi 2050, le tacaíocht ó chláir taighde thiomnaithe, reachtaíocht agus maoiniú:

Tá obair á déanamh ina lán réimsí chun na speicis agus na limistéir nádúrtha atá i mbaol san Aontas a chosaint, chun uisce óil agus uisce snámha sábháilte a chinntiú, chun cáilíocht an aeir agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú, agus chun éifeachtaí ceimiceán díobhálacha a laghdú.

Cuidiú is ea an chosaint chomhshaoil agus an nuálaíocht chomhshaoil chun deiseanna nua gnó agus fostaíochta a chruthú, rud a mheallann tuilleadh infheistíochta. Tá an fás glas i gcroílár bheartas an Aontais chun a chinntiú go mbeidh fás eacnamaíocht na hEorpa inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Lena chois sin, tá ról tábhachtach ag an Aontas i gcur chun cinn na forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal domhanda.

Ábhair AE ghaolmhara