Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Infheistiú i dtodhchaí fuinnimh inbhuanaithe don Eoraip

Tá an tAontas Eorpach ag obair go dúthrachtach le go mbeidh sochaí ísealcharbóin faoi réim san Eoraip, agus tá sé ag tabhairt a rialacha cothrom le dáta chun an infheistíocht phríobháideach agus phoiblí is gá a dhéanamh san aistriú chuig fuinneamh glan a éascú. Ba cheart go rachadh sé sin chun tairbhe don phláinéad, don gheilleagar agus do thomhaltóirí in éineacht.

Tá sé d’aidhm ag an aistriú chuig sochaí ísealcharbóin earnáil fuinnimh inbhuanaithe a chruthú lena spreagfar fás, nuálaíocht agus fostaíocht agus, san am céanna, lena gcuirfear feabhas ar cháilíocht na beatha, lena méadófar líon na roghanna atá ag custaiméirí, lena dtreiseofar cearta tomhaltóirí agus lena laghdófar billí teaghlaigh ar deireadh.

Le cur chuige cuíchóirithe comhordaithe ón Aontas, cinnteofar go mbeifear i mbun comhrac i gcoinne an athraithe aeráide i ngach cearn den Eoraip. Bearta a dhéantar chun úsáid athnuaiteán a spreagadh agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, tá na bearta sin ríthábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa na hEorpa a laghdú agus chun na gealltanais a tugadh i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh.

Tríd an Aontas Fuinnimh Eorpach tá an tAontas ag cinntiú go bhfuil níos mó comhleanúnachais ann i ngach réimse beartais chun go mbainfear amach na cuspóirí leathana, mar atá córas fuinnimh iontaofa, inacmhainne agus inbhuanaithe a chruthú.

Ina theannta sin, cuireann an tAontas deiseanna maoiniúcháin agus scéimeanna iasachta ar fáil chun cabhrú le cuideachtaí agus le réigiúin tionscadail fuinnimh a chur chun feidhme go rathúil.

Tá ról tábhachtach ag an Aontas ar an leibhéal idirnáisiúnta, mar a n-oibríonn sé i gcomhar le tíortha, réigiúin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun dul i ngleic le fadhbanna fuinnimh agus chun margadh fuinnimh atá iontaofa iomaíoch a chinntiú san Eoraip.

Ábhair AE ghaolmhara