Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Iompar sábháilte, inbhuanaithe agus idirnasctha

Cuidíonn beartas iompair an Aontais Eorpaigh geilleagar na hEorpa a choinneáil ag gluaiseacht trí ghréasán nua-aimseartha bonneagair a fhorbairt, rud a dhéanann an taisteal níos tapa agus níos sábháilte, agus a chuireann réitigh inbhuanaithe dhigiteacha chun cinn.

Is bunchloch de chomhtháthú na hEorpa é an t-iompar agus tá sé ríthábhachtach chun saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus earraí a bhaint amach. Cuireann an t-iompar go mór leis an ngeilleagar freisin, agus is ionann é agus breis agus 9% d’oll-bhreisluach an Aontais (an méid a chuirtear leis an ngeilleagar). B'ionann agus thart ar €664 bhilliún an t-oll-bhreisluach a chuir seirbhísí iompair ar fáil in 2016, agus tá thart ar 11 mhilliún duine fostaithe sna seirbhísí sin.

Tá ról tábhachtach ag cur chun feidhme modhanna inbhuanaithe nuálacha iompair maidir le cuspóirí fuinnimh agus aeráide an Aontais. Bíonn daoine ag bogadh agus ag taisteal níos minice anois ná riamh agus, dá réir sin, tacaíonn beartas an Aontais le córais iompair chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo a leanas:

  • plódú: cuireann an plódú isteach ar thrácht ar bhóithre agus ar thrácht san aer araon
  • inbhuanaitheacht: is ag brath ar ola atá earnáil an iompair i gcónaí i gcomhair an chuid is mó dá riachtanais fuinnimh agus ní féidir sin a chosaint ó thaobh an chomhshaoil ná ó thaobh an gheilleagair de
  • cáilíocht an aeir: faoi 2050, ní mór don Aontas Eorpach astaíochtaí ó earnáil an iompair a laghdú 60% i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990 agus ní mór don Aontas leanúint de thruailliú ó fheithiclí a laghdú freisin
  • bonneagar: tá cáilíocht an bhonneagair iompair an-éagothrom idir Ballstáit éagsúla an Aontais
  • iomaíocht: tá earnáil iompair an Aontais san iomaíocht le margaí iompair i réigiúin eile atá ag forbairt go mear