Beartas agus infheistíocht réigiúnach – gníomhaíocht an Aontais | An tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais

Infheistíocht agus dlúthpháirtíocht réigiúnach

Is tríd an mbeartas réigiúnach a dhéanann an tAontas Eorpach infheistíocht ar bhonn áitiúil. Tá an beartas sin dírithe ar gach réigiún agus gach cathair san Aontas agus tá bearta ann chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin bhfostaíocht agus chun caighdeán saoil a fheabhsú tríd an infheistíocht straitéiseach. A bhuí leis an dlúthpháirtíocht ghníomhach sin ón Aontas, is féidir le daoine i réigiúin bheagfhorbartha tairbhe a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an margadh is mó ar domhan.

Tá beartas réigiúnach an Aontais ceaptha difríocht a dhéanamh sna cúig phríomhréimse seo a leanas:

  • infheistiú i ndaoine trí thacú le rochtain ar an bhfostaíocht, ar an oideachas agus ar dheiseanna ar an gcuimsiú sóisialta
  • tacú le gnólachtaí beaga agus meánmhéide a fhorbairt
  • taighde agus nuálaíocht a neartú tríd an infheistíocht agus trí phoist a bhaineann le taighde
  • an comhshaol a fheabhsú trí mhórthionscadail infheistíochta
  • an earnáil iompair agus an táirgeadh fuinnimh a nuachóiriú chun an t-athrú aeráide a chomhrac, agus béim a chur ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus ar bhonneagar iompair nuálach

 

Is ar leibhéal an Aontais a shocraítear an beartas foriomlán ach is é an Coimisiún Eorpach, ag oibriú dó i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, atá freagrach as bainistiú na gcistí ó lá go lá.

Publication