Fostaíocht agus gnóthaí sóisialta – gníomhaíocht an Aontais | An tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta

Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta

Leanann forbairtí teicneolaíochta, an domhandú agus déimeagrafaigh athraitheacha de thionchar a bheidh acu ar stíleanna maireachtála agus ar mhodhanna oibre mhuintir na hEorpa. Tá beartais agus tograí reachtacha á bhforbairt go gníomhach ag an Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, oibríonn an tAontas chun cearta saoránach a chosaint tríd an méid seo a leanas a chinntiú:

  • Comhdheiseanna agus rochtain chomhionann ar an margadh saothair
  • Dálaí oibre córa
  • Cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta

Cabhraíonn maoiniú ón Aontas le heagraíochtaí poiblí agus príobháideacha a mbeartas fostaíochta agus sóisialta a chur chun feidhme agus a fheabhsú, agus tionscadail a mhaoiniú chun tacú le saoránaigh an Aontais, inniu agus sa todhchaí.

Le reachtaíocht fostaíochta an Aontais, cinntítear íosleibhéil chosanta a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine atá ina chónaí agus ag obair san Aontas. Tá rialacha sonracha ag an Aontas freisin arb é is aidhm leo a éascú do shaoránaigh an Aontais cónaí agus obair a dhéanamh i dtíortha eile an Aontais, agus a gcearta slándála sóisialta, amhail árachas sláinte agus sochair, a chosaint san am céanna.