Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ceartas agus Cearta Bunúsacha

Cosaint, cearta agus ceartas do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh

Is iomaí saoirse agus cosaint atá ag saoránaigh an Aontais, mar shampla cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta, cosaint sonraí pearsanta, dlíthe frith-idirdhealaithe, agus taisteal gan dul trí sheiceálacha teorann i bhformhór na mBallstát.

Tá na cearta bunúsacha céanna ag gach saoránach den Aontas, ar bhonn na luachanna seo: comhionannas, neamh-idirdhealú, cuimsiú, dínit an duine, saoirse agus daonlathas. Déantar na luachanna sin a neartú agus a chosaint leis an smacht reachta, faoi mar atá sin leagtha amach i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá an ceart ag saoránaigh an Aontais a bheith ina gcónaí, ag obair, ag staidéar nó pósadh sna Ballstáit eile den Aontas. Oibríonn an tAontas chun sonraí pearsanta mhuintir na hEorpa a choinneáil slán agus tugann sé cumhacht dóibh mar thomhaltóirí.

Tá cosaint dhlíthiúil ag saoránaigh i ngach Ballstát, agus, a bhuí leis an mbarántas gabhála Eorpach, is féidir dul sa tóir ar choirpigh thar theorainneacha agus iad a aisdúichiú. Bíonn na húdaráis bhreithiúnacha ag comhoibriú le chéile tríd an Aonad Eorpach um Chomhar Breithiúnach (Eurojust) chun a chinntiú gur féidir cinntí dlí a dhéantar i mBallstát amháin a aithint agus a chur chun feidhme in aon Bhallstát eile.

Cinntíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm ar an tslí chéanna i ngach Ballstát, agus réitíonn sí díospóidí dlíthiúla idir rialtais náisiúnta agus institiúidí an Aontais. I gcásanna ar leith, is féidir le saoránaigh, cuideachtaí nó eagraíochtaí an Chúirt Bhreithiúnais a úsáid freisin chun an dlí a chur ar institiúid de chuid an Aontais a bhféadfadh sárú a bheith déanta aici ar a gcearta.

Oibríonn an tAontas chun an tslándáil inmheánach a fheabhsú trí chomhar a dhéanamh i bhforfheidhmiú an dlí, bainistiú teorainneacha, cosaint shibhialta agus bainistiú tubaistí. Mar chuid den chomhar sin cuirtear an dlí ar choirpigh eagraithe agus cabhraítear le fórsaí náisiúnta póilíneachta comhoibriú le chéile ar bhealach níos fearr tríd an Oifig Eorpach Póilíní (EUROPOL).

Tá na Ballstáit ag obair freisin chun beartas comhleanúnach inimirce a fhorbairt don Aontas, beartas a bhainfidh sochar as na deiseanna a fhaightear ón inimirce dhlíthiúil, agus a thabharfaidh aghaidh ar na dúshláin a bhaineann leis an inimirce neamhrialta. Tá obair á déanamh chun an tslándáil a fheabhsú trí bhíthin rialú níos fearr ar na teorainneacha seachtracha. San am céanna, éascaítear an bealach isteach san Aontas do na daoine sin a bhfuil an ceart sin acu.

Video gallery