Cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint
Tá an tAontas Eorpach tiomanta go láidir do chur chun cinn agus do chosaint an daonlathais, an smachta reachta agus chearta an duine san Aontas agus ar fud an domhain.
Tá dhá shraith i gceist le gníomhaíochtaí agus beartais an Aontais maidir le cearta an duine:
- cearta bunúsacha a chosaint laistigh den Aontas, i gcomhréir leis na Conarthaí bunaidh agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
- cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn ar fud an domhain, eadhon caidreamh seachtrach an Aontais le tíortha, réigiúin agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile
Tá urraim do chearta bunúsacha bunriachtanach i sochaithe daonlathacha atá bunaithe ar an smacht reachta. Leagtar síos i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh na cearta bunúsacha atá de cheangal dlí ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá feidhm ag an gCairt, freisin, maidir leis na rialtais náisiúnta agus an dlí Eorpach á chur i bhfeidhm acu.
Cuimsíonn beartas an Aontais Eorpaigh na nithe seo a leanas:
- cosaint a thabhairt do chearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha agus do shaoirsí
- neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann ar bhonn gnéis, cine nó bunadh eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise agus gnéaschlaonta a chur chun cinn
- saoránaigh, oibrithe, fostóirí agus tomhaltóirí an Aontais a chumhachtú
- comhionannas inscne agus cearta daoine faoi mhíchumas, mionlach, leanaí agus daoine scothaosta a chur chun cinn agus a chosaint
- saoirse cainte, reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn
- an tsochaí shibhialta agus an daonlathas a chumhachtú
- rochtain ar an gceartas agus cosaint dlí éifeachtach a ráthú
- cur i gcoinne phionós an bháis, na céastóireachta agus na gáinneála ar dhaoine
- cearta an duine a chosaint trí dhul i gcomhpháirtíocht ghníomhach le tíortha comhpháirtíochta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus le grúpaí agus comhlachais ar gach leibhéal den tsochaí
- clásail maidir le cearta an duine a chur sna comhaontuithe trádála agus comhair a dhéantar le tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach