Skip to main content

Cabhair dhaonnúil agus Cosaint shibhialta

Luachanna daonnúla na hEorpa á gcur i bhfeidhm

Cuireann an tAontas Eorpach cúnamh ar fáil do thíortha agus do dhaonraí laistigh den Eoraip agus ar an gcoigríoch araon nuair a bhíonn tubaistí móra ann nó géarchéimeanna daonnúla.

I bpáirt le chéile, is iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh an deontóir is mó ar domhan sa chabhair dhaonnúil, agus cabhraíonn siad leis na milliúin daoine ar fud an domhain gach uile bhliain. Is ionann an chabhair sin agus 1% de bhuiséad bliantúil an Aontais Eorpaigh ina iomláine – tuairim is 4 euro an duine ó shaoránaigh an Aontais.

Is iad prionsabail na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais a stiúrann gníomhaíocht an Aontais. Cuirtear an chabhair ar fáil trí os cionn 200 eagraíocht agus gníomhaireacht idirnáisiúnta agus áitiúil, agus tugann na mílte oibrithe deonacha Eorpacha tacaíocht di.

Is féidir le gach aon saoránach Eorpach nó cónaitheoir fadtéarma i mBallstát de chuid an Aontais páirt a ghlacadh i gclár cabhrach deonaí de chuid an Aontais.

Trí bhíthin Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, tá ról lárnach ag an Aontas Eorpach, i gcomhar le tíortha éagsúla eile san Eoraip, i gcomhordú na freagartha do ghéarchéimeanna san Eoraip agus ar fud an domhain. Déantar monatóireacht ar ghéarchéimeanna atá ann agus géarchéimeanna ionchasacha de ló agus d’oíche, agus bíonn na tíortha rannpháirteacha ag comhoibriú le chéile sa mheasúnú rioscaí, agus i réimse na hullmhachta agus na pleanála le tubaistí a chosc.

Is bia, foscadh nó trealamh a bhíonn i gceist le fóirithint géarchéime, sin agus foirne saintrealaimh a thabhairt don láthair, nó an measúnú agus an comhordú a dhéanann lucht saineolais a cuireadh amach ar an láthair. Bíonn foirne fóirithinte, saineolaithe agus trealamh ó na tíortha rannpháirteacha faoi réir le freagairt ón Aontas a chur ar fáil ar fud an domhain.

Gailearaí na bhFíseán