Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach

Le chéile, is iad institiúidí agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh an deontóir is mó ar domhan de chúnaimh agus comhar forbartha. Beartaíonn an tAontas Eorpach reachtaíocht agus beartais chun dea-rialachas agus forbairt dhaonnúil agus eacnamaíoch a chur chun cinn, cuir i gcás an t-ocras a chomhrac agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

Chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, oibríonn institiúidí an Aontais le chéile agus cuireann maoiniú ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an gcúig ghné seo a leanas den fhorbairt inbhuanaithe:

  • Daoine: Deireadh a chur le bochtaineacht agus ocras de gach sórt agus an dínit agus an comhionannas a áirithiú
  • An Domhan: Na glúine atá le teacht a chosaint trí scriosadh an chomhshaoil agus ídiú acmhainní a mhaolú
  • Rathúnas: Saol fada sásúil rathúil nach ndéanann dochar don chomhshaol a áirithiú do dhaoine
  • Síocháin: Sochaí ina bhfuil an tsíocháin, an ceartas, agus an ionchuimsitheacht faoi réim
  • Comhpháirtíocht: Obair forbartha a dhéanamh trí chomhpháirtíochtaí domhanda
  • Bearta an Aontais de réir earnála

Oibríonn an tAontas i gcomhar le 150 tír comhpháirtíochta san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib, san Áis agus san Aigéan Ciúin, agus sa tsochaí shibhialta agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta. Anuas ar chúnamh airgeadais a chur ar fáil agus idirphlé a dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta, déanann an tAontas taighde agus meastóireachtaí chun a chinntiú go n-úsáidtear an cúnamh go héifeachtach.