Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Taighde agus nuálaíocht

Ar thús nuálaíochta a bhuí leis an taighde san Aontas Eorpach

Is ionann infheistiú sa taighde agus sa nuálaíocht agus infheistiú i dtodhchaí na hEorpa. Cuidíonn sé linn agus sinn in iomaíocht ar an leibhéal domhanda agus cuidíonn sé linn freisin ár samhail shóisialta féin a chaomhnú. Cuireann sé feabhas ar shaol laethúil na milliún daoine anseo san Eoraip agus ar fud an domhain, agus cuidíonn sé le réiteach a fháil ar na dúshláin is mó atá romhainn mar shochaí.

An tacaíocht ón Aontas Eorpach don taighde agus don nuálaíocht, tugann sí breis luacha trí spreagadh a thabhairt don chomhar – thar theorainneacha tíortha agus idir dhisciplíní éagsúla – i measc foirne taighde, comhar atá fíorthábhachtach d’fhonn mórfhionnachtana a dhéanamh.

Trí bhíthin na gclár réime um thaighde agus um nuálaíocht, cláir ilbhliantúla, cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil chun:

  • neartú ar ionad an Aontais i dtaca leis an eolaíocht
  • neartú ar an nuálaíocht thionsclaíoch, lena n-áirítear infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíocht barrthábhachta, breis rochtana ar chaipiteal agus tacaíocht do ghnólachtaí beaga
  • dul i ngleic leis na saincheisteanna móra sóisialta, amhail an t-athrú aeráide, inbhuanaitheacht an chórais iompair agus an fuinneamh inathnuaite
  • a chinntiú go ndéantar mórfhionnachtana teicneolaíochta a fhorbairt ina dtáirgí inmharthana a mbeidh poitéinseal tráchtála ag gabháil leo – agus é sin a dhéanamh trí chomhpháirtíocht a dhéanamh leis an earnáil tionscail agus le rialtais
  • dlús a chur leis an gcomhar idirnáisiúnta i gcúrsaí taighde agus nuálaíochta

 

Déantar gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Aontais a bhainistiú trí bhíthin ranna, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí áirithe, agus déantar torthaí, eolas agus sonraí a roinnt trí bhíthin na meán seo a leanas:

Publication

Video gallery