Talmhaíocht agus tionscal – gníomhaíocht an Aontais | An tAontas Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais

Tacaíocht do thodhchaí an ghnó agus an tionscail san Eoraip

Cabhraíonn beartas an Aontais le cumas iomaíochta ghnólachtaí agus thionscal an Aontais a neartú agus cuireann sé borradh faoi chruthú fostaíochta agus faoin bhfás eacnamaíoch trí thimpeallacht atá fabhrach do ghnólachtaí a chothú.

Toisc an domhandaithe agus toisc cumas iomaíochta tíortha atá i mbéal an tionsclaithe a bheith ag méadú, tá rath fadtéarmach gheilleagar na hEorpa ag brath ar bhonn tionsclaíoch láidir a bheith faoi – ní féidir a bheith i lántuilleamaí seirbhísí agus banc. Tá ról tábhachtach ag an taighde agus ag an nuálaíocht maidir leis na teicneolaíochtaí agus an cur chuige a fhorbairt lena gcinnteofar todhchaí mhonaraíochta na hEorpa.

Cabhraíonn sraith clár de chuid an Aontais le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) airgeadas agus margaí a rochtain, agus tacaíonn siad leis an bhfiontraíocht, le cruthú gnó, leis an idirnáisiúnú agus leis an bhfás.

Tá an tAontas ag obair le deireadh a chur leis na bacainní ar thrádáil atá fós ann agus gan cinn nua a chruthú, trí mhargadh atá fabhrach do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí a chur chun cinn san Aontas, margadh atá bunaithe ar chaighdeáin agus rialacha trédhearcacha simplí comhleanúnacha.