Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Margadh inmheánach aonair gan teorainneacha

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach go mbeidh saoránaigh an Aontais in ann dul i mbun staidéir, dul chun cónaithe, dul ag siopadóireacht, dul ag obair agus dul ar scor in aon Bhallstát den Aontas agus taitneamh a bhaint as táirgí ó cheann ceann na hEorpa. Chuige sin, cinntíonn an tAontas saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, chaipitil agus daoine i margadh inmheánach aonair. Trí bhacainní teicniúla, dlíthiúla agus maorlathacha a bhaint, cuireann an tAontas ar a gcumas do shaoránaigh dul i mbun trádáil agus gnó gan srianadh.

Tá aontas na margaí caipitil á chruthú ag an Aontas freisin. Leis sin, éascófar do ghnólachtaí beaga airgead a thiomsú agus déanfar an Eoraip níos tarraingtí chun infheistíocht a spreagadh inti. Sa bhreis air sin, leis an margadh aonair digiteach déanfar an tsaoirse a thagann ó mhargadh aonair an Aontais a dhigitiú agus cuirfear ar bun rialacha maidir le seirbhísí teileachumarsáide, cóipcheart agus cosaint sonraí ar fud an Aontais.

Tá roinnt bacainní sa mhargadh aonair fós, áfach, agus tá an tAontas ag obair chun comhchuibhiú breise a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  • na córais chánach náisiúnta ilroinnte
  • na margaí náisiúnta éagsúla in earnálacha na seirbhísí airgeadais, an fhuinnimh agus an iompair
  • na rialacha, caighdeáin agus cleachtais ríomhthráchtála éagsúla idir na Ballstáit
  • na rialacha casta maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint