Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

I dtreo cánacha atá cothrom, éifeachtúil agus fabhrach don fhás

Níl ról díreach ag an Aontas Eorpach i dtaca le cánacha a bhailiú ná rátaí cánach a shocrú. Is iad na rialtais náisiúnta a chinneann an méid cánach a íocann gach saoránach agus an chaoi a gcaitear na cánacha a bhailítear.

Mar sin féin, déanann an tAontas maoirseacht ar rialacha náisiúnta cánach i réimsí ar leith; go háirithe maidir le beartais ghnó agus beartais tomhaltóirí an Aontais, ar mhaithe leis na nithe seo a leanas:

  • saorshreabhadh earraí, seirbhísí agus caipitil ar fud an Aontais (sa mhargadh aonair) a chinntiú
  • a chinntiú nach mbíonn buntáiste míchothrom ag gnólachtaí i mBallstát amháin ar iomaitheoirí i mBallstát eile
  • a chinntiú nach ndéanann cánacha leatrom ar thomhaltóirí, ar oibrithe ná ar ghnólachtaí ó Bhallstáit eile
  • Achoimrí ar reachtaíocht an Aontais i réimse an chánachais

Sa mhargadh aonair, is féidir earraí agus seirbhísí a thrádáil gan bhac thar theorainneacha laistigh den Aontas. Chun go mbeidh gnólachtaí in ann é sin a dhéanamh go héasca – agus chun saobhadh iomaíochta eatarthu a sheachaint – d'aontaigh na Ballstáit a rialacha maidir le cáin a ghearradh ar earraí agus ar sheirbhísí a chur ar aon dul le chéile. Tá comhaontuithe tairbheacha ar leith i bhfeidhm i réimsí áirithe, amhail cáin bhreisluacha (CBL) nó cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas, tobac agus alcól.

Ina theannta sin, oibríonn an tAontas i gcomhar leis na Ballstáit freisin chun beartais eacnamaíocha agus cánacha corparáideacha agus ioncaim a chomhordú. Is é is aidhm don obair sin iad a dhéanamh cothrom, éifeachtúil agus fabhrach d’fhás an gheilleagair. Tá sé sin tábhachtach lena chinntiú go mbíonn soiléireacht ann maidir leis na cánacha a íocann daoine a aistríonn go Ballstát eile, nó a íocann gnólachtaí a dhéanann infheistíocht i dtíortha eile. Cabhraíonn an comhordú sin freisin le himghabháil cánach agus le seachaint cánach a chosc.