Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

I dtreo trádáil dhomhanda atá oscailte chothrom

Tá geilleagar an Aontais Eorpaigh ar cheann de na geilleagair is mó ar domhan atá dírithe ar thrádáil lasmuigh dá theorainneacha féin. Anuas air sin, is é an tAontas an limistéir margaidh aonair is mó ar domhan. Tá an tsaorthrádáil idir a Bhallstáit ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais, agus tá sé tiomanta don trádáil dhomhanda a leathnú chomh maith.

Ó 1999 go 2010, tháinig méadú faoi dhó ar an trádáil a dhéanann an tAontas le tíortha seachtracha agus anois is den trádáil sheachtrach a thagann breis agus 30% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais. Is é an tAontas atá freagrach as beartas trádála na mBallstát agus déanann sé caibidlíocht ar chomhaontuithe thar a gceann. Agus é ag labhairt d'aon ghuth, is mó an tionchar atá ag an Aontas i gcaibidlíocht trádála idirnáisiúnta ná an tionchar a bheadh ag aon cheann de na Ballstáit leis féin.

Bíonn an tAontas ag obair go gníomhach le tíortha nó grúpaí réigiúnacha tíortha chun comhaontuithe trádála a chaibidliú. A bhuí leis na comhaontuithe sin tugtar rochtain, a théann chun sochair don dá thaobh, don Aontas agus do na tíortha lena mbaineann ar mhargaí a chéile. Fágann sé sin gur féidir le cuideachtaí ón Aontas a ngnó a fhás agus, freisin, gur fusa dóibh na hamhábhair lena ndéanann siad a dtáirgí a iompórtáil.

Tá gach comhaontú éagsúil, agus is féidir laghduithe ar tharaifí, rialacha maidir le cúrsaí amhail maoin intleachtúil nó forbairt inbhuanaithe, nó clásail faoi chearta an duine, a bheith san áireamh sna comhaontuithe. Agus é i mbun caibidlíochta ar chomhaontuithe nó ar rialacha trádála, faigheann an tAontas ionchur ón bpobal, ó ghnólachtaí agus ó chomhlachtaí neamhrialtasacha.

Cothaíonn agus cosnaíonn an tAontas an earnáil thionsclaíoch agus gnólachtaí trí obair a dhéanamh i dtreo deireadh a chur le bacainní ar thrádála chun go mbeidh dálaí cothroma agus rochtain ar mhargaí eile ag easpórtálaithe na hEorpa. San am céanna, tacaíonn an tAontas le cuideachtaí eachtracha trí fhaisnéis phraiticiúil a chur ar fáil dóibh faoin dóigh le margadh an Aontais a rochtain.

Bíonn an tAontas ag obair freisin leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) chun rialacha domhanda trádála a shocrú agus chun deireadh a chur le bacainní ar thrádáil idir comhaltaí EDT.

Gailearaí na bhFíseán