Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Sábháilteacht bia san Aontas Eorpach

Féachaint chuige go mbeidh bia sábháilte againn ón bhfeirm chuig an bhforc

Is é is aidhm do dhlíthe agus caighdeáin uile an Aontais Eorpaigh in earnálacha na talmhaíochta, na feirmeoireachta ainmhithe agus an táirgthe bia an tsláinte a chosaint. Cumhdaíonn corpas cuimsitheach de dhlí uile-Aontais slabhra iomlán an táirgthe agus na próiseála bia laistigh den Aontas Eorpach, mar aon le hearraí iompórtáilte agus easpórtáilte.

Is iad na Ballstáit a chuireann na caighdeáin chomhchuibhithe sin chun feidhme agus cuireann siad rialuithe ar bun chun iad a fhorfheidhmiú. Déanann an tAontas iniúchadh ar fheidhmiú agus éifeachtúlacht na ndlíthe agus na rialuithe agus, ina theannta sin, cuireann sé oiliúint ar fáil do na húdaráis fhreagracha Eorpacha agus idirnáisiúnta.

Le beartas sábháilteachta bia an Aontais agus na bearta a ghabhann leis, dírítear ar cheithre phríomhréimse cosanta:

  • Sláinteachas bia: ní mór do ghnólachtaí bia, ó fheirmeacha go bialanna, cloí le dlí an Aontais maidir le bia, ina measc gnólachtaí a iompórtálann bia isteach san Aontas.
  • Sláinte ainmhithe: le rialuithe agus bearta sláintíochta i gcás ainmhithe ar peataí iad, ainmhithe feirmshaothraithe agus ainmhithe fiáine, déantar monatóireacht ar ghalair agus bainistítear iad agus, ina theannta sin, déantar gluaiseacht gach ainmhí feirme a rianú.
  • Sláinte plandaí: má dhéantar lotnaidí a bhrath agus a dhíothú go luath, coisctear scaipeadh na lotnaidí sin agus déantar deimhin de go mbeidh síolta sláintiúla ann.
  • Éilleáin agus fuíll: a bhuí leis an monatóireacht, coinnítear éilleáin ó bhia agus beatha ainmhithe. Tá feidhm ag uasteorainneacha inghlactha maidir le táirgí bia agus beatha ainmhithe náisiúnta agus iompórtáilte.
  • An córas mear-rabhaidh um bia don duine agus d’ainmhithe (RASFF)
  • An córas rianaithe ainmhithe (TRACES)
  • Bunachar sonraí lotnaidicídí an Aontais
  • Fógraí maidir le hidircheapadh i gcás sláinte plandaí (EUROPHYT)

Cuireann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia measúnuithe neamhspleácha riosca agus comhairle eolaíoch ar fáil lena dtugtar eolas faoi chaighdeáin sábháilteachta bia an Aontais.

Ábhair AE ghaolmhara