Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Na tíortha a úsáideann an euro

Is siombail fhollasach de lánpháirtiú na hEorpa é an euro: úsáideann níos mó ná 350 milliún duine gach lá é, agus fágann sin go bhfuil an euro ar an dara hairgeadra is mó úsáid ar domhan. Chun buntáistí an chomhairgeadra a thuiscint, ní gá ach dul thar sáile nó siopadóireacht a dhéanamh ar líne ar shuíomhanna gréasáin atá lonnaithe i dtír eile den Aontas, óir is féidir comparáid a dhéanamh go héasca idir praghsanna agus seachnaítear costais malartaithe. 

Na tíortha den Aontas a úsáideann an euro

Faoi láthair, is é an euro (€) airgeadra oifigiúil 21 gcinn as na 27 dtír den Aontas Eorpach. An Limistéar Euro a thugtar ar na tíortha sin le chéile. 

An chaoi a dtéann tíortha isteach sa limistéar euro

Chun dul isteach sa limistéar euro, ní mór do thíortha an Aontais na ‘critéir um chóineasú’ a chomhlíonadh. 

Comhaontaíodh na coinníollacha ceangailteacha eacnamaíocha agus dlíthiúla sin i gConradh Maastricht in 1992. Ní mór do thíortha uile an Aontais Eorpaigh, seachas an Danmhairg, an euro a ghlacadh agus dul isteach sa limistéar euro, nuair a bheidh na critéir ábhartha comhlíonta acu. 

Níl aon amchlár ann chun dul isteach sa limistéar euro, mar sin is féidir le tíortha an Aontais a straitéisí féin a fhorbairt chun na coinníollacha maidir le glacadh an euro a chomhlíonadh. 

  1. Is iad an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach a dhéanann an cinneadh in éineacht a chéile cé acu an bhfuil na coinníollacha comhlíonta ag na tíortha atá ag iarraidh teacht isteach sa limistéar euro nó nach bhfuil. 

  2. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca leis na critéir um chóineasú, foilsíonn an dá institiúid sin a gconclúidí

  3. Daingníonn Comhairle ECOFIN aontachas tíre nua i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle Eorpach. 

  4. Má thugtar tuairim fhabhrach, is féidir tús a chur le próiseas glactha an euro.