Forléargas
Príomhchathair: Ríge
Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Laitvis
Ballstát den Aontas Eorpach: ón 1 Bealtaine 2004
Airgeadra: euro (€) - Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 2014
Schengen: ball ón 21 Nollaig 2007
Figiúirí:
- Achar na tíre: 64,594 km2
- Daonra: 1,871,882 (2024)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le hachar na tíre agus daonra)
Córas polaitiúil
Poblacht pharlaiminteach is ea an Laitvia. Ról deasghnáth den chuid is mó atá ag an uachtarán, arb é an ceann stáit é, agus is é a ainmníonn an príomh-aire. Is é an príomh-aire an ceann rialtais, agus is é a roghnaíonn an chomh-aireacht. Bíonn an rialtas faoi réir fhormheas na Parlaiminte i rith gach téarma. Tá an tír foroinnte ina 43 bhardas, is é sin 36 bhardas réigiúnacha agus 7 gcathairstát, a bhfuil a rialachas féin acu. Tá a gcomhairle cathrach agus a riarachán bardasach féin acu sin.
An trádáil agus an geilleagar
Tá OTI per capita na Laitvia, is é sin €26,600, faoi bhun mheán an Aontais (€37,600). Sin 0.2% d’OTI an Aontais san iomlán.
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir ler OTI per capita agus OTI)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus impórtálacha)
Tá 9 n-ionadaí ón Laitvia i bParlaimint na hEorpa. Féach leat cé hiad na Feisirí sin de Pharlaimint na hEorpa agus lean gníomhaíochtaí oifig Pharlaimint na hEorpa sa Laitvia.
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Freastalaíonn ionadaithe ó rialtas na Laitvia ar chruinnithe den Chomhairle atá dírithe ar réimse a bhfreagrachta roinnt uaireanta sa bhliain.
Ní uachtarán buan amháin (amhail Uachtarán an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin, agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Laitvia lena linn:
Eanáir-Meitheamh 2015 | Iúil-Nollaig 2028
Is é Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine, an Coimisinéir Eorpach atá ainmnithe ag an Laitvia chuig an gCoimisiún Eorpach.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin. Tuilleadh eolais faoi ionadaíocht an Choimisiúin sa Laitvia.
Tá 7 n-ionadaí ag an Laitvia ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta i dtíortha éagsúla.
Tá 7 n-ionadaí ag an Laitvia ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d'ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Bíonn an Laitvia i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Laitvia chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn agus go dtugtar aird orthu a mhéid is féidir san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann an Laitvia don Aontas agus cá mhéad a fhaigheann sí uaidh?
Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.
Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.
An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.
Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana
Tionscadail sa Laitvia a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Laitvia agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.