Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Committee of the Regions - Logo

Forbhreathnú

  • Ról: Comhlacht comhairleach atá mar ionadaí d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla na hEorpa
  • Uachtarán: Vasco Alves Cordeiro 
  • Bliain a bhunaithe: 1994
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh GréasáinCoiste Eorpach na Réigiún

Comhlacht comhairleach de chuid an Aontais is ea Coiste na Réigiún (an Coiste) ar a bhfuil ionadaithe a toghadh go háitiúil agus go réigiúnach ó gach ceann de na 27 mBallstát. Is féidir leo a dtuairimí a nochtadh sa Choiste maidir le reachtaíocht an Aontais a mbeidh tionchar díreach aici ar réigiúin agus cathracha.

Cad é go díreach a dhéanann an Coiste?

Cuireann an Coiste deis fhoirmiúil ar fáil do réigiúin agus cathracha a dtuairimí a nochtadh maidir le reachtóireacht an Aontais, rud a chinntíonn go dtabharfar aird ar staid agus riachtanais na n-údarás réigiúnach agus áitiúil.

  • Ní mór don Choimisiún Eorpach, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa dul i gcomhairle leis an gCoiste agus reachtaíocht á dréachtú acu maidir le hábhair a bhaineann le rialtas áitiúil agus réigiúnach amhail an tsláinte, oideachas, fostaíocht, beartas sóisialta, comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, iompar, fuinneamh agus athrú aeráide;
  • Mura ndéantar é sin, is féidir leis an gCoiste cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.
  • Nuair a fhaigheann an Coiste togra reachtach déanann sé tuairim a ullmhú agus a ghlacadh, agus seolann sé an tuairim sin chuig institiúidí ábhartha an Aontais;
  • Eisíonn an Coiste tuairimí as a stuaim féin chomh maith.

Comhdhéanamh

Is ionadaithe tofa ó údaráis áitiúla nó réigiúnacha iad comhaltaí an Choiste. Is faoi gach tír atá sé a comhaltaí féin a roghnú agus ceapann Comhairle an Aontais Eorpaigh iad le haghaidh téarma in-athnuaite cúig bliana. Braitheann an líon comhaltaí in aghaidh na tíre ar dhaonra na tíre sin.

Tá na comhaltaí go léir ón tír chéanna ina gcomhaltaí den Toscaireacht Náisiúnta agus léiríonn comhdhéanamh na toscaireachta náisiúnta sin cothromaíocht áitiúil, pholaitiúil, gheografach agus réigiúnach na tíre.

Is féidir le gach comhalta rogha a dhéanamh a bheith páirteach i ngrúpa polaitiúil sa Choiste. Tá sé ghrúpa pholaitiúla ann faoi láthair a léiríonn raon cleamhnachtaí polaitiúla: Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE), Páirtí na Sóisialaithe Eorpacha (PSE), Renew Europe, Grúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí (CE), an Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa (ECR) agus na Glasaigh. Is féidir le comhaltaí rogha a dhéanamh gan páirt a ghlacadh i bpáirtí polaitiúil más mian leo é sin (neamhailínithe).

Ceapann an Coiste Uachtarán as measc a chomhaltaí le haghaidh téarma dhá bhliain go leith.

Cén chaoi a n-oibríonn Coiste na Réigiún?

Ceapann an Coiste rapóirtéir (duine dá chomhaltaí) a théann i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus a ullmhaíonn tuairim. Déanann coimisiún an Choiste atá i gceannas ar an réimse beartais ábhartha an téacs a phlé agus a ghlacadh. Cuirtear an tuairim faoi bhráid na gcomhaltaí go léir i seisiún iomlánach. Caitheann siad vóta más mian leo é a leasú nó a ghlacadh. Ar deireadh, déantar an tuairim a roinnt agus a sheoladh chuig gach institiúid ábhartha san Aontas.

Tionóltar suas le 6 sheisiún iomlánacha in aghaidh na bliana, ina nglactar tuairimí a bhaineann le idir 50 agus 80 togra reachtach de chuid an Aontais.

Tusa agus Coiste na Réigiún

Spreagann an Coiste rannpháirteachas ar gach leibhéal, ó údaráis réigiúnacha agus áitiúla go dtí an saoránach aonair. Is féidir le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, cumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saineolaithe agus an lucht léinn páirt a ghlacadh i suirbhéanna ar líne, comhairliúcháin agus imeachtaí. Tá Gradaim Réigiún Fiontraíocha na hEorpa oscailte do gach réigiún ag a bhfuil inniúlachtaí polaitiúla, agus tá comórtais tráchtais oscailte don lucht léinn.

Tá roinnt líonraí bunaithe ag an gCoiste le go bhféadfadh gach réigiúin agus gach cathair san Aontais na cleachtais is fearr a mhalartú, obair as lámh a chéile agus a bheith páirteach sa díospóireacht maidir leis an Aontas ar ábhair amhail fás agus fostaíocht, an comhrac in aghaidh athrú aeráide, comhar trasteorann, an fhorbairt agus coimhdeacht.

Déanann Coiste Eorpach na Réigiún ionadaíocht ar an 1 mhilliún polaiteoir áitiúil agus réigiúnach atá san Aontas Eorpach agus bíonn sé páirteach go háirithe le Polaiteoirí Óga Tofa trí chuireadh a thabhairt dóibh chuig na seisiúin iomlánacha atá ag CER nó mar shampla chuig Cruinniú Mullaigh Eorpach na Réigiún agus na gCathracha.

Tuilleadh eolais

Cé hé cé

Foilseacháin

Ionad Doiciméadúcháin

Poist

An Eoraip i mo Réigiún

Teagmháil

Coiste Eorpach na Réigiún (CoR)

Ainm
Coiste Eorpach na Réigiún (CoR)
Suíomh gréasáin
https://cor.europa.eu/ga
Uimhir ghutháin
+32 2 282 22 11
Uimhir facs
+32 2 282 23 25
Seoladh poist
Bâtiment Jacques Delors/Jacques Delors Gebouw, Rue Belliard/Belliardstraat 99-101, 1040 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta