Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
European Economic and Social Committee - Logo

Forbhreathnú

  • Ról: Comhlacht comhairleach a dhéanann ionadaíocht ar eagraíochtaí fostóirí agus eagraíochtaí oibrithe agus ar ghrúpaí sainleasa eile
  • Uachtarán: Oliver Röpke
  • Feisirí: 329 as gach Ballstát den Aontas Eorpach
  • Bliain a bhunaithe: 1957
  • Suíomh: An Bhruiséil (an Bheilg)
  • Suíomh Gréasáin: Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Is comhlacht comhairleach é Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ina bhfuil ionadaithe ó eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí agus grúpaí sainleasa eile. Eisíonn sé tuairimí ar shaincheisteanna AE chuig an gCoimisiún Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú mar nasc idir institiúidí cinnteoireachta an Aontais agus saoránaigh an Aontais ar an gcaoi sin.

Cad a dhéanann CESE?

Tugann sé deis labhartha fhoirmiúil do ghrúpaí sainleasa maidir le tograí reachtacha AE. Seo a leanas na trí phríomhchúraim atá air:

  • deimhin a dhéanamh de go mbeidh beartas agus dlí an Aontais oiriúnaithe do dhálaí eacnamaíocha agus sóisialta, trí chomhthoil láidir atá ar son an leasa choitinn a iarraidh
  • Aontas Eorpach rannpháirteach a chur chun cinn trí dheis labhartha a thabhairt d’eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí agus idirphlé a bhunú leo
  • luachanna an lánpháirtithe Eorpaigh a chur chun cinn agus cúis an daonlathais rannpháirtigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun tosaigh

Comhdhéanamh

Déanann comhaltaí CESE ionadaíocht d’eagraíochtaí éagsúla na sochaí sibhialta ar fud na hEorpa, gnólachtaí, ceardchumainn agus leasanna eile ina measc. Is iad na rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus is í Comhairle an Aontais Eorpaigh a cheapann iad ar feadh téarma 5 bliana in-athnuaite. Braitheann an líon comhaltaí in aghaidh na tíre ar dhaonra na tíre sin.

Toghann CESE a Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán ar feadh téarmaí dhá bhliain. Is baill de ghrúpa amháin de thrí ghrúpa iad na comhaltaí:

  • fostóirí
  • oibrithe
  • grúpaí sainleasa eile (e.g feirmeoirí, tomhaltóirí)

Cén dóigh a n-oibríonn CESE?

Téann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i gcomhairle le CESE maidir le hábhair éagsúla. Eisíonn an Coiste tuairimí ar a thionscnamh féin chomh maith.

Bíonn na comhaltaí ag obair don Aontas Eorpach, iad neamhspleách ar a rialtais féin. Tagann siad le chéile 9 n-uaire sa bhliain. Glactar tuairimí trí vótáil tromlaigh shimplí.

Is iad rannóga speisialaithe CESE agus an coimisiún comhairliúcháin um athrú tionsclaíoch a ullmhaíonn na cruinnithe. Is iad meithleacha smaointe speisialaithe CESE (dá dtugtar ‘faireachlanna’) a choimeádann súil ar dhul chun cinn straitéisí an Aontais.

Fanann CESE i dteagmháil le comhairlí eacnamaíocha agus sóisialta réigiúnacha agus áitiúla ar fud an Aontais Eorpaigh – go príomha chun faisnéis a chomhroinnt agus saincheisteanna ar leith a phlé.

Tusa agus CESE

Reáchtálann CESE imeachtaí ealaíne, óige agus eile chun an tAontas agus na saoránaigh a thabhairt níos gaire dá chéile.

Tuilleadh eolais

Cé hé gach duine

Tuairimí agus doiciméid

Foilseacháin

Ionaid Faisnéise CESE

Cuairt a thabhairt ar CESE

Poist

Teagmháil

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)

Ainm
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
Suíomh gréasáin
https://www.eesc.europa.eu/ga
Uimhir ghutháin
+32 2 546 90 11
Uimhir facs
+32 2 546 90 11
Seoladh poist
Rue Belliard/Belliardstraat 99, 1040 Bruxelles/Brussel, An Bheilg
Na meáin shóisialta