Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union

Forléargas 

Córas polaitiúil

Is poblacht pharlaiminteach í an Fhrainc ag a bhfuil príomh-aire atá ina cheann rialtais, agus uachtarán atá ina cheann stáit.

Tá críoch na Fraince déanta suas de 18 réigiún riaracháin. 13 réigiún cathrach (i.e. an Fhrainc ar an mór-roinn) agus 5 réigiún thar lear. Is cuid den Aontas iad gach ceann de na 5 réigiún thar lear, maille le Saint-Martin (críoch de chuid na Fraince sa Chairib), agus stádas réigiúin fhorimeallaigh acu.

Tá Strasbourg, cathair sa Fhrainc, ar cheann de thrí shuíomh oifigiúla na n-institiúidí Eorpacha. Is iad an Bhruiséil agus cathair Lucsamburg an dá cheann eile.

An trádáil agus an geilleagar

Tá OTI per capita na Portaingéile, is é sin €37,800, faoi bhun mheán an Aontais (€38,100). Sin 16.4% d’OTI an Aontais san iomlán. 

(Foinse: Eurostat - figiúirí 2023 maidir le OTI per capita agus OTI) 

(Foinse: Eurostat - figiúirí 2024 maidir le heaspórtálacha agus iompórtálacha)   

An Fhrainc san Aontas Eorpach  

Buiséid agus Maoiniú

Cén chaoi a mbaineann an Fhrainc tairbhe as buiséad an Aontais?

Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rud nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.

Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.

An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.

Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.    

Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana  

Tionscadail sa Fhrainc a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach   

Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.   

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Fhrainc agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.