Forléargas
Príomhchathair: Is in Amstardam atá an pharlaimint agus an rialtas lonnaithe
Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Ollainnis
Ballstát den Aontas Eorpach: ón 1 Eanáir 1958
Airgeadra: euro (€) Ball den limistéar euro ón 1 Eanáir 1999
Schengen: ball ón 26 Márta 1995
Figiúirí:
- Achar na tíre: 37,391 km2
- Daonra: 17,942,942 (2024)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le hachar na tíre agus daonra)
Córas polaitiúil
Monarcacht bhunreachtúil pharlaiminteach is ea an Ísiltír. Is é an príomh-aire an ceann rialtais agus is é an monarc an ceann stáit. Is ag comhairle na n-airí atá an chumhacht feidhmiúcháin. Tá an tír roinnte ina 12 réigiún agus ina 342 bhardas. Tá sí roinnte ina 21 cheantar uisce atá faoi rialú ag bord feidhmiúcháin a bhfuil údarás aige maidir le bainistiú uisce. Tá 6 thír/chríoch thar lear i Muir Chairib ina gcuid de Ríocht na hÍsiltíre freisin. Ní cuid den Aontas Eorpach iad na críocha sin, áfach.
An trádáil agus an geilleagar
Tá an Ísiltír sa cheathrú háit san Aontas Eorpach ó thaobh olltáirgeacht intíre iomlán (OTI) per capita de, is é sin €48,900, figiúr atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (€37,600). Sin 6.3% d’OTI an Aontais san iomlán.
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir ler OTI per capita agus OTI)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus impórtálacha)
Tá 31 ionadaí ón Ísiltír i bParlaimint na hEorpa. Féach leat cé hiad na Feisirí sin de Pharlaimint na hEorpa agus lean gníomhaíochtaí oifig Pharlaimint na hEorpa san Ísiltír.
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Freastalaíonn ionadaithe ó rialtas na hÍsiltíre ar chruinnithe den Chomhairle atá dírithe ar réimse a bhfreagrachta roinnt uaireanta sa bhliain.
Ní uachtarán buan amháin (amhail Uachtarán an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin, agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hÍsiltíre lena linn:
Iúil – Nollaig 1960 | Iúil – Nollaig 1963 | Iúil – Nollaig 1966 | Iúil – Nollaig 1969 | Iúil – Nollaig 1972 | Iúil – Nollaig 1976 | Eanáir – Meitheamh 1981 | Eanáir – Meitheamh 1986 | Iúil – Nollaig 1991 | Eanáir – Meitheamh 1997 | Iúil – Nollaig 2004 | Eanáir – Meitheamh 2016 | Iúil – Nollaig 2029
Is é Wopke Hoekstra an Coimisinéir Eorpach atá ainmnithe ag an Ísiltír chuig an gCoimisiún Eorpach, agus Gníomhú ar son na hAeráide an cúram atá air.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin. Tuilleadh eolais faoi ionadaíocht an Choimisiúin san Ísiltír.
Tá 12 ionadaí ag an Ísiltír ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta i dtíortha éagsúla.
Tá 12 ionadaí ag an Ísiltír ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Bíonn an Ísiltír i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na hÍsiltíre chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn agus go dtugtar aird orthu a mhéid is féidir san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann an Ísiltír don Aontas agus cá mhéad a fhaigheann sí uaidh?
Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.
Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.
An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.
Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana
Tionscadail san Ísiltír a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Ísiltír agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.