Forléargas

Príomhchathair: Lucsamburg
Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Fraincis, Gearmáinis
Ballstát den Aontas Eorpach: ón 1 Eanáir 1958
Airgeadra: euro (€)
An limistéar Euro: ball ón 1 Eanáir 1999
Schengen: ball ón 26 Márta 1995
Figiúirí:
- Achar na tíre: 2,595 km2
- Daonra: 672,050 (2024)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le hachar na tíre agus daonra)
Córas polaitiúil
Monarcacht bhunreachtúil pharlaiminteach is ea Ard-Diúcacht Lucsamburg. Is é an príomh-aire an ceann rialtais. Níl ach cearta foirmiúla ag an Ard-Diúc, arb é an ceann stáit é. Tá cumhacht feidhmiúcháin ag an rialtas. Gach 5 bliana a bhíonn na holltoghcháin. Toghtar 60 comhalta chuig comhlacht reachtaíochta ina bhfuil aon teach amháin, Teach na dTeachtaí.
Tá an tír roinnte ina 4 réigiún toghcháin, 12 chantún riaracháin agus 105 chomún. Tá stádas cathrach ag 12 cheann de na comúin, agus cathair Lucsamburg an ceann is mó acu. Is ceann de thrí shuíomh oifigiúla institiúidí an Aontais Eorpaigh é Lucsamburg, in éineacht leis an mBruiséil agus Strasbourg. Tá trí theanga oifigiúla i Lucsamburg: an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Lucsambuirgis. Is teangacha oifigiúla de chuid an Aontais an chéad dá cheann acu sin.
An trádáil agus an geilleagar
Is ag Lucsamburg atá an OTI per capita is airde san Aontas Eorpach, is é sin €89,800, méid atá go mór os cionn mheán an Aontais (€37,600). Sin 0.5% d’OTI an Aontais san iomlán.
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir ler OTI per capita agus OTI)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus impórtálacha)
Tá 6 ionadaí ó Lucsamburg i bParlaimint na hEorpa. Féach leat cé hiad na Feisirí sin de Pharlaimint na hEorpa agus lean gníomhaíochtaí oifig Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg.
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Freastalaíonn ionadaithe ó rialtas Lucsamburg ar chruinnithe den Chomhairle atá dírithe ar réimse a bhfreagrachta roinnt uaireanta sa bhliain.
Ní uachtarán buan amháin (amhail Uachtarán an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin, agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram Lucsamburg lena linn:
Eanáir – Meitheamh 1960 | Eanáir – Meitheamh 1963 | Eanáir – Meitheamh 1966 | Eanáir – Meitheamh 1969 | Eanáir – Meitheamh 1972 | Eanáir – Meitheamh 1976 | Iúil – Nollaig 1980 | Iúil – Nollaig 1985 | Eanáir – Meitheamh 1991 | Iúil – Nollaig 1997 | Eanáir – Meitheamh 2005 | Iúil – Nollaig 2015 | Eanáir – Meitheamh 2029
Is é Christophe Hansen an Coimisinéir Eorpach atá ainmnithe ag Lucsamburg agus cúraimí talmhaíochta agus bia air.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin. Tuilleadh eolais faoi ionadaíocht an Choimisiúin i Lucsamburg.
Tá 6 ionadaí ag Lucsamburg ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta i dtíortha éagsúla.
Tá 6 ionadaí ag Lucsamburg ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Bíonn Lucsamburg i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aige sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid Lucsamburg chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn agus go dtugtar aird orthu a mhéid is féidir san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cén chaoi a mbaineann Lucsamburg tairbhe as buiséad an Aontais?
Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.
Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.
An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.
Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana
Tionscadail i Lucsamburg a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach
Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe do Lucsamburg agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.