Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Forléargas

Córas polaitiúil

Is poblacht pharlaiminteach í an Pholainn ag a bhfuil príomh-aire atá ina cheann rialtais, agus uachtarán atá ina cheann stáit. Bunaithe ar chomhairle na n-airí atá struchtúr an rialtais.

Tá an tír roinnte ina 16 chúige, bunaithe den chuid is mó ar réigiúin stairiúla na tíre. Roinntear an t-údarás riaracháin ar leibhéal na gcúigí idir gobharnóir arna cheapadh ag an rialtas, tionól réigiúnach tofa agus feidhmeannach arna thoghadh ag an tionól réigiúnach.

An trádáil agus an geilleagar

Tá OTI per capita na Polainne, is é sin €28,200, faoi bhun mheán an Aontais (€35,500). Sin 3.9% d’OTI an Aontais san iomlán. 

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le OTI per capita agus OTI)

(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus iompórtálacha) 

An Pholainn san Aontas

Buiséid agus Maoiniú

Cá mhéad a íocann an Pholainn don Aontas agus cá mhéad a fhaigheann sí uaidh?  

Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.  

Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.   

An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.  

Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.    

Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana

Tionscadail sa Pholainn a fuair maoiniú ón Aontas 

Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.   

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Pholainn agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.