Forléargas
Príomhchathair: Beirlín
Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Gearmáinis
Ballstát den Aontas Eorpach: ón 1 Eanáir 1958
Airgeadra: euro (€)
An limistéar Euro: ball ón 1 Eanáir 1999
Schengen: ball ón 26 Márta 1995
Figiúirí:
- Achar na tíre: 357,569 km2
- Daonra: 83,445,000 (2024)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le hachar na tíre agus daonra)
Córas polaitiúil
Poblacht chónaidhme pharlaiminteach is ea an Ghearmáin. Tá seansailéir aici, atá ina cheann rialtais, agus uachtarán, atá ina cheann stáit agus a bhfuil freagrachtaí ionadaíocha aige den chuid is mó. 16 stát (Länder) atá sa Ghearmáin a bhfuil a mbunreacht féin ag gach ceann díobh agus tá gach stát uathrialach, den chuid is mó, ó thaobh an eagrúcháin inmheánaigh de. Is cathairstát iad trí cinn acu: Bremen, Beirlín agus Hamburg.
An trádáil agus an geilleagar
Tá an Ghearmáin sa seachtú háit san Aontas Eorpach ó thaobh olltáirgeacht intíre iomlán (OTI) per capita de, is é sin €43,400, figiúr atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (€37,600). Sin 24.2% d’OTI an Aontais san iomlán.
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir ler OTI per capita agus OTI)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus impórtálacha)
Tá 96 ionadaí ón nGearmáin i bParlaimint na hEorpa. Féach leat cé hiad na Feisirí sin de Pharlaimint na hEorpa agus lean gníomhaíochtaí oifig Pharlaimint na hEorpa sa Ghearmáin.
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Freastalaíonn ionadaithe ó rialtas na Gearmáine ar chruinnithe den Chomhairle atá dírithe ar réimse a bhfreagrachta roinnt uaireanta sa bhliain.
Ní uachtarán buan amháin (amhail Uachtarán an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin, agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Gearmáine lena linn:
Iúil – Nollaig 1958 | Iúil – Nollaig 1961 | Iúil – Nollaig 1964 | Iúil – Nollaig 1967 | Iúil – Nollaig 1970 | Eanáir – Meitheamh 1974 | Iúil – Nollaig 1978 | Eanáir – Meitheamh 1983 | Eanáir – Meitheamh 1988 | Iúil – Nollaig 1994 | Eanáir – Meitheamh 2007 | Iúil – Nollaig 2020
Is í Ursula von der LeyenUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus is as an nGearmáin di.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin. Tuilleadh eolais faoi ionadaíocht an Choimisiúin sa Ghearmáin.
Tá 24 ionadaí ag an nGearmáin ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta i dtíortha éagsúla.
Tá 24 ionadaí ag an nGearmáin ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Bíonn an Ghearmáin i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Gearmáine chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn agus go dtugtar aird orthu a mhéid is féidir san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cén chaoi a mbaineann an Ghearmáin tairbhe as buiséad an Aontais?
Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.
Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.
An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.
Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana
Tionscadail sa Ghearmáin a fuair maoiniú ón Aontas
Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Ghearmáin agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.