Forléargas
Príomhchathair: Cóbanhávan
Teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh: Danmhairgis
Ballstát den Aontas Eorpach: ón 1 Eanáir 1973
Airgeadra: Krone na Danmhairge (DKK) Chinn an Danmhairg gan an euro a úsáid agus, dá bhrí sin, níl iallach uirthi é a thabhairt isteach.
Schengen: ball ón 25 Márta 2001
Figiúirí:
- Achar na tíre: 42,925 km2
- Daonra: 5,961,249 (2024)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le hachar na tíre agus daonra)
Córas polaitiúil
Is monarcacht bhunreachtúil í an Danmhairg. Tá córas parlaiminteach ionadaíoch aici agus príomh-aire ann, arb é an ceann rialtais é. Tá monarc aici, arb é an ceann stáit é, ach a bhfuil a chuid dualgas go hiomlán ionadaíoch agus deasghnách. Tá dhá thír fhéinrialaitheacha san Atlantach ag an ríocht freisin, ní ballstáit de chuid an Aontais é ceachtar acu: Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.
An trádáil agus an geilleagar
Tá an Danmhairg sa cheathrú háit san Aontas Eorpach ó thaobh olltáirgeacht intíre iomlán (OTI) per capita de, is é sin €48,000, figiúr atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (€37,600). Sin 2.2 % d’OTI an Aontais san iomlán.
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir ler OTI per capita agus OTI)
(Foinse: Eurostat - figiúirí maidir le heaspórtálacha agus impórtálacha)
Tá 15 ionadaí ón Danmhairg i bParlaimint na hEorpa. Féach leat cé hiad na Feisirí sin de Pharlaimint na hEorpa agus lean gníomhaíochtaí oifig Pharlaimint na hEorpa sa Danmhairg.
Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Freastalaíonn ionadaithe ó rialtas na Danmhairge ar chruinnithe den Chomhairle atá dírithe ar réimse a bhfreagrachta roinnt uaireanta sa bhliain.
Ní uachtarán buan amháin (amhail Uachtarán an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.
Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin, agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.
Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na Danmhairge lena linn:
Iúil – Nollaig 1973 | Eanáir – Meitheamh 1978 | Iúil – Nollaig 1982 | Iúil – Nollaig 1987 | Eanáir – Meitheamh 1993 | Iúil – Nollaig 2002 | Eanáir – Meitheamh 2012 | Iúil – Nollaig 2025
Is í Margrethe Vestager an Coimisinéir Eorpach atá ainmnithe ag an Danmhairg chuig an gCoimisiún Eorpach. Is í an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin í a bhfuil cúraimí uirthi maidir le hEoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, agus is í atá i gceannas ar an mbeartas iomaíochta freisin.
Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin. Tuilleadh eolais faoi ionadaíocht an Choimisiúin sa Danmhairg.
Tá 9 n-ionadaí ag an Danmhairg ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta i dtíortha éagsúla.
Tá 9 n-ionadaí ag an Danmhairg ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.
Bíonn an Danmhairg i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na Danmhairge chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn agus go dtugtar aird orthu a mhéid is féidir san Aontas.
Buiséid agus Maoiniú
Cá mhéad a íocann an Danmhairg don Aontas agus cá mhéad a fhaigheann sí uaidh?
Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.
Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht an Aontais ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.
An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu – agus an bealach eile thart.
Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.
Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana
Tionscadail sa Danmhairg a fuair maoiniú ón Aontas
Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe don Danmhairg agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.