Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
 

Forléargas

Córas polaitiúil

Is poblacht pharlaiminteach í Éire a bhfuil 26 chontae inti. Is é an t-uachtarán a cheapann an príomh-aire (Taoiseach), arb é an ceann rialtais é, tar éis a ainmniúcháin ag an Dáil, agus is ag an Taoiseach atá an chumhacht feidhmiúcháin. Is é an t-uachtarán an ceann stáit, agus tá cumhachtaí deasghnácha aige den chuid is mó.

Tá dhá theach sa Pharlaimint: an Teach Uachtarach agus an Teach Íochtarach.

An trádáil agus an geilleagar

Tá Éire sa dara háit san Aontas Eorpach ó thaobh olltáirgeacht intíre iomlán (OTI) per capita de, is é sin €81,200, figiúr atá i bhfad os cionn mheán an Aontais (€38,100). Sin 3% d’OTI an Aontais san iomlán.

(Foinse: Eurostat - figiúirí 2023 maidir le OTI per capita agus OTI)

(Foinse: Eurostat - figiúirí 2024 maidir le heaspórtálacha agus iompórtálacha)

Éire san Aontas Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Tá 14 ionadaí ó Éirinn i bParlaimint na hEorpa. Féach leat cé hiad na Feisirí sin de Pharlaimint na hEorpa agus lean gníomhaíochtaí oifig Pharlaimint na hEorpa in Éirinn.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is i gComhairle an Aontais Eorpaigh a thagann airí náisiúnta le chéile go rialta le dlíthe an Aontais a ghlacadh agus a mbeartais a chomhordú. Freastalaíonn ionadaithe ó rialtas na hÉireann ar chruinnithe den Chomhairle atá dírithe ar réimse a bhfreagrachta roinnt uaireanta sa bhliain.

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Ní uachtarán buan amháin (amhail Uachtarán an Choimisiúin agus na Parlaiminte) atá ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ina ionad sin, is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle faoina cúram a stiúrann an obair sin. Bíonn an ról sin ag gach Ballstát ar a sheal ar feadh 6 mhí.

Le linn na tréimhse 6 mhí sin, bíonn airí ó rialtas thír na huachtaránachta i bhfeighil ar chruinnithe na Comhairle sna réimsí beartais éagsúla, glacann siad páirt i leagan amach chláir na gcruinnithe sin, agus éascaíonn siad an caidreamh le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh.

Na tréimhsí a raibh an uachtaránacht faoi chúram na hÉireann lena linn:

Eanáir – Meitheamh 1975 | Iúil – Nollaig 1979 | Iúil – Nollaig 1984 | Eanáir – Meitheamh 1990 | Iúil – Nollaig 1996 | Eanáir – Meitheamh 2004 | Eanáir – Meitheamh 2013 | Iúil – Nollaig 2026

an Coimisiún Eorpach

Is é Michael McGrath an Coimisinéir Eorpach atá ainmnithe ag Éirinn agus cúramaí daonlathais, ceartais, an smachta reachta agus cosanta tomhaltóirí air.

Tá oifig áitiúil ag an gCoimisiún i ngach Ballstát. ‘Ionadaíochtaí an Choimisiúin’ a thugtar ar na hoifigí sin. Tuilleadh eolais faoi ionadaíocht an Choimisiúin in Éirinn.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

9 n-ionadaí ag Éirinn ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Eagraíocht chomhairleach atá sa choiste sin ina bhfuil fostóirí, oibrithe agus grúpaí leasa eile. Faigheann na hinstitiúidí comhairle uaidh i dtaobh dlíthe atá beartaithe le go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar an tionchar a bheadh ag na dlíthe sin ar dhálaí oibre agus sóisialta i dtíortha éagsúla.

Coiste Eorpach na Réigiún

9 n-ionadaí ag Éirinn ar Choiste Eorpach na Réigiún, is é sin tionól an Aontais Eorpaigh d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla. Faigheann na hinstitiúidí comhairle ón gcoiste sin i dtaobh dlíthe atá beartaithe le gur féidir an dearcadh atá ag gach réigiún faoi leith san Aontas Eorpach i dtaobh na ndlíthe sin a thuiscint agus a chur san áireamh.

Buanionadaíocht chuig an Aontas Eorpach

Bíonn Éire i dteagmháil freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh tríd an mbuanionadaíocht atá aici sa Bhruiséil. Sin ‘ambasáid na hÉireann chuig an Aontas Eorpach’ agus is é is príomhchúram di deimhin a dhéanamh de go mbíonn leasanna agus beartais na tíre á gcur chun cinn agus go dtugtar aird orthu a mhéid is féidir san Aontas.

Buiséid agus Maoiniú

Cén chaoi a mbaineann Éire tairbhe as buiséad an Aontais?

Is é buiséad an Aontais an uirlis lena chinntiú gur fórsa daonlathach síochánta rathúil iomaíoch í an Eoraip. Baineann an tAontas úsáid as a bhuiséad chun a thosaíochtaí agus a thionscadail mhóra a mhaoiniú, rudaí nach bhféadfadh an chuid is mó de thíortha an Aontais a mhaoiniú ina n-aonar.

Is mó na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas ná méid ranníocaíochtaí bhuiséad an Aontais, agus is iomaí sampla de sin atá ann. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as bheith rannpháirteach sa Mhargadh Aonair, as cur chuige comhroinnte i leith na ndúshlán coiteann a bhaineann leis an imirce, leis an sceimhlitheoireacht agus leis an athrú aeráide, agus as gnóthachain nithiúla amhail bonneagar iompair níos fearr, seirbhísí poiblí nuachóirithe agus digitithe agus cóir leighis cheannródaíoch.

An méid atá le híoc ag gach tír san Aontas isteach i mbuiséad an Aontais, déantar é a ríomh ar bhealach cothrom. Íocann na tíortha sin a bhfuil geilleagair mhóra acu níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná na tíortha sin a bhfuil geilleagair bheaga acu.

Ní tabhairt agus glacadh atá i gceist le buiséad an Aontais; is éard atá i gceist leis rannchuidiú le chéile chun háit níos fearr a dhéanamh den Eoraip agus den domhan do chách.

Caiteachas bhuiséad an Aontais agus ioncam de réir tíre in aghaidh na bliana

  

Tionscadail in Éirinn a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach

Cuidíonn an t-airgead i mbuiséad an Aontais le cláir agus tionscadail a mhaoiniú i dtíortha uile an Aontais, e.g. chun bóithre a thógáil, maoiniú a thabhairt do thaighdeoirí agus an comhshaol a chosaint.

Tuilleadh eolais faoin gcaoi a dtéann maoiniú ón Aontas chun tairbhe d’Éirinn agus faoi chistí téarnaimh i do thír nó i do réigiún féin.