Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Leagan soléite - An tAontas Eorpach

Leagan soléite

A bhuí leis an leagan soléite
cuirtear eolas ar fáil ar bhealach ar féidir le gach duine
é a léamh agus a thuiscint go héasca.

Easy to read - Symbol

 

© Lógó ‘Leagan Soléite’ an Aontais: Inclusion Europe. Tuilleadh eolais ag https://www.inclusion-europe.eu/easy-to-read/

An tAontas Eorpach

Is grúpa de 27 dtír san Eoraip atá san Aontas Eorpach.
Tháinig na tíortha sin le chéile chun
cúrsaí a dhéanamh níos fearr, níos éasca agus níos sábháilte do dhaoine.
D’aontaigh siad oibriú i gcomhar le chéile agus cuidiú le chéile.

Léarscáil de thíortha uile an Aontais Eorpaigh

 

An chaoi ar tháinig ann don Aontas Eorpach

I dtosach ní raibh ach 6 thír san Eoraip a thosaigh ag obair le chéile.

  • an Bheilg
  • an Fhrainc
  • an Ghearmáin
  • an Iodáil
  • Lucsamburg
  • an Ísiltír

Níorbh fhada go raibh níos mó agus níos mó tíortha san Eoraip ag dul i bpáirt leis na tíortha sin
agus is amhlaidh a tháinig ann don Aontas Eorpach.

I Meitheamh 2016 shocraigh an Ríocht Aontaithe
ar éirí as bheith mar chuid den Aontas Eorpach.
Dá réir sin, ó bhí 31 Eanáir 2020 ann, níl an Ríocht Aontaithe
mar chuid den Aontas Eorpach a thuilleadh.

Spriocanna agus luachanna an Aontais Eorpaigh

Oibríonn gach tír atá san Aontas Eorpach i gcomhar le chéile
chun féachaint chuige:

Tá roinnt luachanna tábhachtacha i gcoiteann
ag tíortha an Aontais Eorpaigh.
Mar shampla, féachann siad chuige gur mar a chéile a chaitear le
gach duine agus go n-urramaítear a gcearta.

An tsíocháin san Eoraip

An tSaorghluaiseacht

A bhuí leis an Aontas Eorpach is amhlaidh is éasca ag daoine
dul ó thír go chéile gan bhac.
Féadann siad cónaí, staidéar nó obair a dhéanamh
ina rogha tír san Aontas Eorpach.
Mar shampla, is féidir le duine as an bhFrainc
dul chun cónaithe san Iodáil agus a bheith ag obair ann.
Nó is féidir le mac léinn as an mBeilg dul go hollscoil sa Ghréig chun staidéar a dhéanamh.

Happy travelers

Féadann rudaí, seirbhísí agus airgead gluaiseacht gan bhac
ó thír go chéile san Aontas Eorpach freisin.

An tAontas Eorpach agus an domhan

Is tábhachtach an ról atá ag an Aontas Eorpach ar fud an domhain ar bhealaí go leor.
Mar shampla:

  • Is iomaí rud agus seirbhís a dhíolann sé le tíortha eile.
    Ceannaíonn sé rudaí ó thíortha eile chomh maith.
    Dá réir sin, cabhraíonn sé chun an ngeilleagar domhanda a chothú.
  • Cabhraíonn sé leis na milliúin daoine
    a bhfuil cónaí orthu i dtíortha bochta lasmuigh den Aontas Eorpach.
  • Féachann sé le háit níos sábháilte a dhéanamh den domhan,
    áit a gcaitear go cothrom le daoine agus a n-urramaítear na dlíthe.

Ballraíocht san Aontas Eorpach

Chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach
ní mór don tír:

Tá roinnt tíortha ag obair chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach faoi láthair.
Is iad sin:

  • An Albáin
  • An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
  • An Mhacadóin Thuaidh
  • An Mholdóiv
  • Montainéagró
  • An tSeirbia
  • An tSeoirsia
  • An Tuirc
  • An Úcráin

Chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach
ní mór do na tíortha sin féachaint le
dlíthe agus le luachanna uile an Aontais Eorpaigh
a chur i bhfeidhm ina dtír féin.

Limistéar Schengen

Is é an tAontas Eorpach a bhunaigh ‘Limistéar Schengen’.

Is limistéar é Limistéar Schengen nach bhfuil aon teorainneacha ann.
Is féidir le daoine dul ó thír go chéile go héasca gan bhac sa limistéar sin.
Níl acu dul trí sheiceálacha ná trí rialuithe teorann
agus iad dul ó thír go chéile.

A bhuí le Limistéar Schengen is éasca anois ag daoine
dul ag taisteal i gcomhair na hoibre nó na turasóireachta.

In 1985 is ea a bunaíodh Limistéar Schengen.
Sa lá atá inniu ann tá 25 cheann as measc 27 dtír an Aontais Eorpaigh
i Limistéar Schengen.

Is iad sin:

  • An Bheilg
  • An Bhulgáir
  • An Chróit
  • An Danmhairg
  • An Eastóin
  • An Fhionlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Iodáil
  • An Ísiltír
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • An Ostair
  • An Pholainn
  • An Phortaingéil
  • An Rómáin
  • An Spáinn
  • an tSeicia
  • An tSlóivéin
  • An tSlóvaic
  • An tSualainn
  • An Ungáir
  • Lucsamburg
  • Málta

Tá 4 thír lasmuigh den Aontas Eorpach
i limistéar Schengen chomh maith:

  • An Eilvéis
  • An Iorua
  • An Íoslainn
  • Lichtinstéin

Dá réir sin, féadann daoine taisteal go héasca gan bhac
ó thír amháin díobh sin go chéile.
Fágann sin gurb éasca ag daoine aghaidh a thabhairt ar aon tír acu sin
i gcomhair na turasóireachta nó na hoibre.

Happy travelers

 

Teangacha an Aontais Eorpaigh

Tá a dteanga féin ag muintir gach tíre
san Aontas Eorpach.
Cosnaíonn an tAontas Eorpach an ceart atá ag saoránaigh
cumarsáid a dhéanamh ina dteanga féin.

The word 'hello' in different languages

Sin an fáth a gcuireann an tAontas Eorpach
gach eolas agus doiciméad tábhachtach ar fáil
i ngach teanga a labhraítear i dtíortha an Aontais:

  • Béarla
  • Bulgáiris
  • Cróitis
  • Danmhairgis
  • Eastóinis
  • Fionlainnis
  • Fraincis
  • Gaeilge
  • Gearmáinis
  • Gréigis
  • Iodáilis
  • Laitvis
  • Liotuáinis
  • Máltais
  • Ollainnis
  • Polainnis
  • Portaingéilis
  • Rómáinis
  • Seicis
  • Slóivéinis
  • Slóvaicis
  • Spáinnis
  • Sualainnis
  • Ungáiris

Dá réir sin, bíonn teacht ag gach duine san Aontas Eorpach
ar eolas tábhachtach ina theanga féin
rud a fhágann gur féidir leis an t-eolas sin a thuiscint.

Airgeadra an Aontais Eorpaigh

Is é an t-airgeadra céanna a úsáideann bunús na dtíortha atá san Aontas Eorpach.

Tá an euro in úsáid faoi láthair ag 20 gcinn as 27 dtír an Aontais Eorpaigh.

Is iad sin:

  • An Bheilg
  • An Chipir
  • An Chróit
  • An Eastóin
  • Éire
  • An Fhionlainn
  • An Fhrainc
  • An Ghearmáin
  • An Ghréig
  • An Ísiltír
  • An Iodáil
  • An Laitvia
  • An Liotuáin
  • Lucsamburg
  • Málta
  • An Ostair
  • An Phortaingéil
  • An tSlóivéin
  • An tSlóvaic
  • An Spáinn

Bratach na hEorpa

Seo bratach an Aontais Eorpaigh:

The flag of the European Union

Is faoi dhath gorm atá bratach an Aontais Eorpaigh
agus tá ciorcal de réaltaí óir uirthi.
Is siombail í go bhfuil tíortha an Aontais Eorpaigh
aontaithe agus go seasann siad le chéile.

Aintiún na hEorpa

Tá a fonn féin ag gach tír
lena léirítear na luachanna agus an cultúr atá ag an tír sin.
Aintiún’ a thugtar ar an bhfonn sin.

Tá a aintiún féin ag an Aontas Eorpach freisin.
In 1985 roghnaigh na daoine
a dhéanann cinntí san Aontas Eorpach,
roghnaigh siad fonn le cumadóir an-tábhachtach
mar aintiún an Aontais Eorpaigh.

Ludwig van Beethoven an t-ainm atá ar an gcumadóir.

Aontaithe san éagsúlacht

Tá an nath ‘aontaithe san éagsúlacht’ in úsáid ag an Aontas Eorpach
chun na luachanna atá aige a chur in iúl.

Is éard atá i gceist le bheith aontaithe san éagsúlacht:

An chaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach

Tá 3 phríomhchomhlacht ag an Aontas Eorpach:

Tá na 3 chomhlacht sin de dhlúth agus d’inneach an Aontais Eorpaigh.
Oibríonn siad i ndlúthchomhar le chéile chun cúrsaí a fheabhsú san Eoraip.

  • Is é an Coimisiún Eorpach a mholann dlíthe.
  • Is iad Parlaimint na hEorpa
    agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
    a phléann na dlíthe sin agus cinneann siad más
    mian leo go gcuirfí i bhfeidhm iad san Eoraip.
  • Má chinneann siad gur cheart dlí a chur i bhfeidhm san Eoraip
    ní mór do thíortha uile an Aontais Eorpaigh
    féachaint chuige go gcuirtear an dlí sin i bhfeidhm ina dtír féin.

I measc na gcomhlachtaí eile atá tábhachtach ag an Aontas Eorpach tá:

  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
    comhlacht a chinntíonn go gcuirtear gach dlí i bhfeidhm
    mar is ceart san Aontas Eorpach.
  • An Chúirt Bhreithiúnais
    comhlacht a chinntíonn go gcaitear airgead an Aontais Eorpaigh
    mar is ceart.

Tá comhlachtaí eile ann de chuid an Aontais Eorpaigh
a bhfuil obair thábhachtach ar siúl acu freisin.
Mar shampla, tá comhlachtaí ann a bhfuil sé de chúram orthu:

Tuilleadh eolais