Leagan soléite
A bhuí leis an leagan soléite
cuirtear faisnéis ar fáil sa chaoi go mbeidh
sé éasca do chách í a léamh agus a thuiscint.

© Lógó Leagain Sholéite na hEorpa: Inclusion Europe. Tuilleadh faisnéise: https://www.inclusion-europe.eu/easy-to-read/
An tAontas Eorpach
Is éard atá san Aontas Eorpach ná grúpa de 27 dtír san Eoraip.
Tháinig na tíortha sin i gceann a chéile
chun gurbh fhearr, gurbh éasca agus gur shábháilte saol na ndaoine.
Shocraigh siad oibriú i gcomhar le chéile agus cuidiú le chéile.


Is tar éis don Eoraip dhá chogadh mhóra a chur di
a beartaíodh an tAontas Eorpach a chur ar bun.
Chonacthas do thíortha san Eoraip
gur fearr a bheith ga obair le chéile
seachas a bheith ag troid le chéile.
I dtosach ní raibh ach 6 thír san Eoraip a thosaigh ag obair le chéile.
- an Bheilg
- an Fhrainc
- an Ghearmáin
- an Iodáil
- an Ísiltír
- Lucsamburg
Níorbh fhada go raibh níos mó tíortha san Eoraip ag dul i
bpáirt leis na tíortha sin
agus is amhlaidh a tháinig ann don Aontas Eorpach.

Sa lá atá inniu ann, tá 27 dtír san Aontas Eorpach,
is iad sin:
- an Bheilg
- an Bhulgáir
- an Chipir
- an Chróit
- an Danmhairg
- an Eastóin
- Éire
- an Fhionlainn
- an Fhrainc
- an Ghearmáin
- an Ghréig
- an Iodáil
- an Ísiltír
- an Laitvia
- an Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- an Ostair
- an Pholainn
- an Phortaingéil
- an Rómáin
- an Spáinn
- an tSeicia
- an tSlóivéin
- an tSlóvaic
- an tSualainn
- an Ungáir
I Meitheamh 2016 shocraigh an Ríocht Aontaithe
ar éirí as a bheith san Aontas Eorpach.
Dá réir sin, ón 31 Eanáir 2020 ar aghaidh, ní bheidh
an Ríocht Aontaithe mar chuid den Aontas Eorpach a thuilleadh.
Spriocanna agus luachanna an Aontais Eorpaigh
Oibríonn gach tír atá san Aontas Eorpach i gcomhar le chéile
chun féachaint chuige:

- go bhfuil síocháin san Eoraip
- go bhfuil saol maith ag daoine
- gur mar a chéile a chaitear le gach duine agus nach
bhfágtar aon duine i leataobh - go bhfuil meas ar theangacha agus ar chultúir
gach duine - go bhfuil geilleagar na hEorpa láidir
agus go n-úsáideann tíortha an t-airgeadra céanna
chun gnó a dhéanamh le chéile.
Tá roinnt luachanna tábhachtacha i gcoiteann
ag tíortha an Aontais Eorpaigh.
Mar shampla, féachann siad chuige gur mar a chéile
a chaitear le gach duine agus go n-urramaítear a gcearta.

Ó bunaíodh an tAontas Eorpach,
ní raibh aon chogadh idir na tíortha
atá ina mbaill den Aontas.
A bhuíochas leis an Aontas Eorpach,
is faoi shíocháin a oibríonn gach tír san Eoraip le chéile.

In 2012, bhuaigh an tAontas Eorpach duais mhór,
is é sin ‘Duais Nobel na Síochána’.
Bronnadh an duais sin ar an Aontas Eorpach as
feabhas a chuid oibre chun an tsíocháin a
choimeád san Eoraip.
An tSaorghluaiseacht
A bhuíochas leis an Aontas Eorpach is amhlaidh is éasca ag daoine
dul ó thír go chéile gan bhac.
Is féidir leo cónaí, staidéar nó obair a dhéanamh
ina rogha tír san Aontas Eorpach.
Mar shampla, is féidir le duine as an bhFrainc
dul chun cónaithe san Iodáil agus a bheith ag obair ann.
Nó is féidir le mac léinn as an mBeilg dul go hollscoil sa Ghréig.

Is féidir le rudaí, seirbhísí agus airgead gluaiseacht gan bhac
ó thír go chéile san Aontas Eorpach freisin.
An tAontas Eorpach agus an domhan
Is tábhachtach an ról atá ag an Aontas Eorpach ar fud an domhain ar
bhealaí go leor.
Mar shampla:
- Is iomaí rud agus seirbhís a dhíolann sé le tíortha eile.
Ceannaíonn sé rudaí ó thíortha eile chomh maith.
Cabhraíonn sé sin leis an ngeilleagar domhanda a
chothú. - Cabhraíonn sé leis na milliúin daoine
atá ina gcónaí i dtíortha bochta lasmuigh den Aontas Eorpach. - Féachann sé le háit níos sábháilte a dhéanamh den domhan,
áit a gcaitear go cothrom le daoine agus a n-urramaítear na dlíthe.
Becoming part of the European Union
Is féidir le tír ballraíocht san Aontas Eorpach
a bhaint amach más rud é:

- go nglacann sí le dlíthe agus luachanna uile
an Aontais Eorpaigh. - go bhféachann sí chuige go n-urramaítear
na dlíthe agus na luachanna sin.
D’fhéadfadh tréimhse an-fhada a bheith i gceist.
Tá na tíortha seo ag féachaint le ballraíocht san Aontas Eorpach
a bhaint amach:
- an Albáin
- an Macadóine Thuaidh
- Montainéagró
- an tSeirbia
- an Tuirc
Chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach
ní mór do na tíortha sin
féachaint le dlíthe agus le luachanna uile an Aontais Eorpaigh
a chur i bhfeidhm ina dtír féin.
Limistéar Schengen
Is é an tAontas Eorpach a bhunaigh ‘Limistéar Schengen’.
Níl aon teorainneacha i Limistéar Schengen
Is féidir le daoine dul ó thír go chéile go héasca gan bhac ann
Níl acu dul trí sheiceálacha ná trí rialuithe teorann
agus iad ag dul ó thír go chéile.
A bhuíochas le Limistéar Schengen is éasca anois ag daoine
dul ag taisteal i gcomhair na hoibre nó na turasóireachta.
Bunaíodh Limistéar Schengen sa bhliain 1985.
Sa lá atá inniu ann tá 22 as 27 dtír an Aontais Eorpaigh
i Limistéar Schengen.
Is iad na tíortha sin ná:
- an Bheilg
- an Danmhairg
- an Eastóin
- an Fhionlainn
- an Fhrainc
- an Ghearmáin
- an Ghréig
- an Iodáil
- an Ísiltír
- an Laitvia
- an Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- an Ostair
- an Pholainn
- an Phortaingéil
- an tSeicia
- an Spáinn
- an tSlóivéin
- an tSlóvaic
- an tSualainn
- an Ungáir
Tá 4 thír lasmuigh den Aontas Eorpach
i limistéar Schengen chomh maith:
- an Eilvéis
- an Iorua
- an Íoslainn
- Lichtinstéin
Ciallaíonn sé sin gur féidir le daoine taisteal go héasca gan bhac
ó thír amháin díobh sin go tír eile.
Fágann sin gurb éasca ag daoine cuairt a thabhairt ar aon tír acu sin
i gcomhair na turasóireachta nó na hoibre.

Teangacha an Aontais Eorpaigh
Tá a dteanga féin ag muintir gach tíre
san Aontas Eorpach.
Cosnaíonn an tAontas Eorpach an ceart atá ag saoránaigh
cumarsáid a dhéanamh ina dteanga féin.

Sin an fáth a gcuireann an tAontas Eorpach
gach faisnéis agus doiciméad tábhachtach ar fáil
i ngach teanga a labhraítear i dtíortha an Aontais:
- Béarla
- Bulgáiris
- Cróitis
- Danmhairgis
- Eastóinis
- Fionlainnis
- Fraincis
- Gaeilge
- Gearmáinis
- Gréigis
- Iodáilis
- Laitvis
- Liotuáinis
- Máltais
- Ollainnis
- Polainnis
- Portaingéilis
- Rómáinis
- Seicis
- Slóivéinis
- Slóvaicis
- Spáinnis
- Sualainnis
- Ungáiris
Dá réir sin, bíonn teacht ag gach duine san Aontas Eorpach
ar fhaisnéis thábhachtach ina theanga féin
rud a fhágann gur féidir leis an fhaisnéis sin a thuiscint.
Airgeadra an Aontais Eorpaigh
Is é an t-airgeadra céanna a úsáideann bunús na
formhór na dtíortha atá san Aontas Eorpach.

An ‘Euro’ a thugtar air.
Is cabhair é ag na tíortha gnó a dhéanamh le
chéile
go n-úsáidtear an t-airgeadra céanna.
Mar shampla, is féidir le daoine ón Spáinn
rudaí atá uathu ón mBeilg a cheannach
go héasca agus ní ghearrtar táillí breise orthu.
Is éasca ag daoine taisteal,
rudaí a cheannach ar líne ó thíortha eile,
agus níos mó roghanna a bheith acu
de thairbhe an t-airgeadra céanna a úsáid.
Tá an euro in úsáid faoi láthair ag 19 gcinn as 27 dtír an Aontais Eorpaigh. Is iad na tíortha sin ná:
- an Bheilg
- an Chipir
- an Eastóin
- Éire
- an Fhionlainn
- an Fhrainc
- an Ghearmáin
- an Ghréig
- an Iodáil
- an Ísiltír
- an Laitvia
- an Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- an Ostair
- an Phortaingéil
- an Spáinn
- an tSlóivéin
- an tSlóvaic
Bratach na hEorpa
Seo bratach an Aontais Eorpaigh:

Tá dath gorm ar bhratach an Aontais Eorpaigh
agus tá ciorcal de réaltaí óir uirthi.
Is siombail í go bhfuil tíortha an Aontais Eorpaigh
aontaithe agus go seasann siad le chéile.
Aintiún na hEorpa
Tá a fonn féin ag gach tír
lena léirítear na luachanna agus an cultúr atá ag an tír sin.
‘Aintiún’ a thugtar ar an bhfonn sin.
Tá a aintiún féin ag an Aontas Eorpach freisin.
In 1985 roghnaigh na daoine
a dhéanann cinntí san Aontas Eorpach
fonn le cumadóir an-tábhachtach
mar aintiún an Aontais Eorpaigh.
Ludwig van Beethoven an t-ainm atá ar an gcumadóir.

Léiríonn an fonn a thábhachtaí atá sé
go bhfuil gach duine saor, go bhfuil siad faoi shíocháin
agus go seasann siad le chéile.
Creideann an tAontas Eorpach sna luachanna sin
agus sin an fáth ar glacadh leis an bhfonn sin
mar aintiún an Aontais.
Is féidir éisteacht le haintiún an Aontais Eorpaigh ach cliceáil anseo.
Aontaithe san éagsúlacht
Úsáideann an tAontas Eorpach an nath ‘aontaithe san éagsúlacht’
chun na luachanna atá aige a léiriú.
Is éard atá i gceist le bheith aontaithe san éagsúlacht:

- nach ionann cultúr nó teanga
do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh
ach, is amhlaidh a sheasann siad le chéile
agus is faoi shíocháin a oibríonn siad le chéile. - nach dochar
teangacha nó cultúir éagsúla a bheith ann.
A mhalairt ghlan.
Is féidir le daoine ó chultúir dhifriúla
níos mó a fhoghlaim óna chéile agus oibriú go maith le chéile.

- the Parlaimint na hEorpa
Is é pobal uile na hEorpa a thoghann
baill de Pharlaimint na hEorpa
chun seasamh ar son a gceart.

- Comhairle an Aontais Eorpaigh
Tagann na daoine sin
a dhéanann cinntí
i ngach tír san Aontas Eorpach
le chéile i gComhairle an Aontais Eorpaigh.
Tá na 3 chomhlacht sin an-tábhachtach ag an Aontas Eorpach.
Oibríonn siad i ndlúthchomhar le chéile chun cúrsaí a fheabhsú san
Eoraip.
- Molann an Coimisiún Eorpach dlíthe.
- Pléitear na dlíthe sin i bParlaimint na hEorpa
agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh
agus déantar cinntí
más mian leo go gcuirfí i bhfeidhm iad san Eoraip. - Má chinneann siad gur cheart dlí a chur i bhfeidhm san Eoraip
ní mór do thíortha uile an Aontais Eorpaigh
féachaint chuige go gcuirtear an dlí sin i bhfeidhm ina dtír féin.
I measc na gcomhlachtaí eile atá tábhachtach ag an Aontas Eorpach tá:
- Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
comhlacht a chinntíonn go gcuirtear gach dlí i bhfeidhm
mar is ceart san Aontas Eorpach. - an Chúirt Iniúchóirí,
comhlacht a chinntíonn go gcaitear airgead an Aontais Eorpaigh
mar is ceart.
Tá comhlachtaí eile ann de chuid an Aontais Eorpaigh
a bhfuil obair thábhachtach ar siúl acu freisin.
Mar shampla, tá comhlachtaí ann a bhfuil sé de chúram orthu:

- a chinntiú go bhfuil an tAontas Eorpach ag obair mar is ceart
agus go bhfuil meas á léiriú ar chearta gach duine aige. - faisnéis fhóinteach faoin Aontas Eorpach
a fhoilsiú. - na daoine a roghnú a bhfuil na scileanna acu
chun a bheith ag obair san Aontas Eorpach. - seasamh ar son chearta phobal uile na hEorpa.
amhail daoine faoi mhíchumas, oibrithe agus daoine
eile nach iad.
Oibríonn na comhlachtaí sin go léir le chéile chun a chinntiú
go bhfuil an tAontas Eorpach ag obair mar is ceart ar son leas a phobail.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise
a fháil faoin Aontas Eorpach i do theanga féin.
Má tá aon cheist agat faoin Aontas Eorpach,
líon isteach an fhoirm ar líne anseo.