Is i gcartlanna staire institiúidí an Aontais a choinnítear doiciméid phoiblí ina gcoimeádtar taifead ar chinntí agus ar thorthaí a chuidigh chun an tAontas Eorpach mar atá sé inniu a mhúnlú.
Cartlanna an Aontais Eorpaigh
Cartlanna staire an Aontais Eorpaigh
Is í an Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE) i bhFlórans a riarann Cartlanna Staire an Aontais. Cuireann sí doiciméid ó na hinstitiúidí Eorpacha (mar aon le doiciméid ó ghluaiseachtaí agus ó dhaoine cáiliúla atá ar son na hEorpa) ar fáil don phobal.
Cartlanna Institiúidí an Aontais Eorpaigh
Parlaimint na hEorpa
Cartlann Staire Pharlaimint na hEorpa
Is i gcartlanna Pharlaimint na hEorpa a choinnítear breis agus 5 mhilliún taifead staire, cuir i gcás téacsanna a glacadh, tuarascálacha, ceisteanna parlaiminte, achainíocha agus páipéir coistí a théann siar go dtí 1952. Seol ríomhphost chuig na cartlanna, scríobh chucu, cuir glao orthu nó tabhair cuairt orthu.
An Chomhairle Eorpach
Conclúidí ón gComhairle Eorpach (1993-2003)
Conclúidí ón gComhairle Eorpach (1975-92)
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Cartlanna Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Is i gcartlanna Chomhairle an Aontais Eorpaigh a choinnítear doiciméid a tháirg nó a fuair an Chomhairle agus atá níos mó ná 30 bliain d’aois. Cuardaigh sna cartlanna nó déan coinne le cuairt a thabhairt orthu.
An Coimisiún Eorpach
Cartlann Staire an Choimisiúin Eorpaigh
Is i gcartlanna an Choimisiúin Eorpaigh a choinnítear doiciméid a tháirg nó a fuair an Coimisiún agus atá níos mó ná 30 bliain d’aois. Déan cuardach ar líne nó tabhair cuairt ar na cartlanna féin.
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Cartlanna staire Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Tá cartlanna na Cúirte lonnaithe san Institiúid Ollscoile Eorpach (IOE) i bhFlórans. Sna cartlanna sin, tá doiciméid a tháirg nó a fuair an Chúirt agus atá níos mó ná 30 bliain d’aois. Déan coinne le cuairt a thabhairt orthu.
An Banc Ceannais Eorpach
Cartlanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Is i gcartlanna BCE a choimeádtar taifead ar ghníomhaíochtaí an Bhainc ó 1964 go dtí an lá inniu. Tá ábhar closamhairc agus déantáin sna cartlanna freisin. Déan cuardach ar líne nó déan iarratas ar dhoiciméid i scríbhinn.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Cartlanna Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Is i gcartlanna CIE a choinnítear cáipéisí oibre uile na Cúirte ó 1977. Na doiciméid a chlúdaíonn an tréimhse 1977-1991, aistríodh iad chuig Cartlanna Staire an Aontais Eorpaigh i bhFlórans. Déan cuardach ar líne.
An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí
Cartlanna na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí
Is i gcartlanna SEGS a choinnítear ábhar a tháirg agus a d’fhoilsigh SEGS ó 2011, ar ábhar é nach ndéantar a nuashonrú a thuilleadh ach atá go fóill sna cartlanna ar líne.
Coiste Eorpach na Réigiún
Is i gcartlanna Choiste na Réigiún a choinnítear doiciméid a tháirg nó a fuair an Coiste agus atá níos mó ná 30 bliain d’aois. Is féidir le taighdeoirí rochtain a fháil ar an seomra comhairliúcháin ach coinne a dhéanamh.
An Banc Eorpach Infheistíochta
Cartlanna an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta
Is i gcartlanna BEI a choinnítear taifid ó 1956 agus is féidir féachaint orthu in ionad taighde Chartlanna Staire an Aontais Eorpaigh i bhFlórans nó ar líne.
An tOmbudsman Eorpach
An tOmbudsman Eorpach – doiciméid staire
Féach sonraí phríomhdhoiciméid staire an Ombudsman Eorpaigh