Tá an tAontas ag úsáid na n-acmhainní ar fad atá ar fáil dó chun cuidiú leis na Ballstáit an fhreagairt ar an leibhéal náisiúnta a chomhordú, agus tá eolas oibiachtúil á chur ar fáil aige ar leathadh an víris, ar na hiarrachtaí éifeachtacha atá á ndéanamh chun é a shrianadh agus ar na bearta atá ar bun chun an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta atá déanta ag an bpaindéim a dheisiú.
Ón leathanach seo, féadfaidh tú rochtain a fháil ar na leathanaigh ghréasáin agus ar na hacmhainní tiomnaithe atá á bhfoilsiú ag institiúidí, comhlachtaí agus Ballstáit an Aontais.
Amlíne
Seo amlíne leis na gníomhaíochtaí a rinne institiúidí an Aontais Eorpaigh ón uair a thosaigh an ghéarchéim.
An Dlúthpháirtíocht Eorpach ar obair
Tá tíortha, réigiúin agus saoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh ag tabhairt lámh chuidithe dá gcomharsana le linn na géarchéime seo. Gheobhaidh tú thíos scéalta eiseamláireacha de scoth na dlúthpháirtíochta Eorpaí.
An bhréagaisnéis a chomhrac
Le ráig COVID-19 san Eoraip, scaipeadh rabharta d'fhaisnéis a bhí contúirteach bréagach agus míthreorach go minic. Is iarracht chomhpháirteach é an comhrac in aghaidh na bréagaisnéise, na mífhaisnéise agus an chur isteach eachtraigh, comhrac a bhfuil na hinstitiúidí Eorpacha go léir, na Ballstáit, an tsochaí shibhialta agus na hardáin ar líne bainteach leis.
Conas an bhréagaisnéis a chomhrac (Parlaimint na hEorpa)
Plean téarnaimh don Eoraip
Chun cabhrú le deisiú an damáiste eacnamaíoch agus shóisialta atá déanta ag paindéim an choróinvíris, chun tús a chur le téarnamh na hEorpa agus chun poist a chosaint agus a chruthú, tá plean téarnaimh ollmhór don Eoraip á bheartú ag an gCoimisiún Eorpach, plean atá bunaithe ar leas iomlán a bhaint as buiséad an Aontais.
Plean téarnaimh don Eoraip (Comhairle an Aontais Eorpaigh, na forbairtí is déanaí agus amlíne)