Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Bratach an Aontais Eorpaigh
European Union
  • Alt nuachta
  • 27 Meitheamh 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Bratach an Aontais ar foluain ar feadh 40 bliain!

Europe Day celebrations in Brussels

 

Beidh bratach an Aontais Eorpaigh 40 bliain d’aois i mí an Mheithimh. Aithnítear láithreach bonn na 12 réalta órga ar chúlra gorm agus tá siad comhchiallach leis an tionscadal Eorpach a thugann muintir na hEorpa le chéile. Le himeacht aimsire, is siombail í freisin d’idéil an Aontais, is iad sin an aontacht, an dlúthpháirtíocht agus an tsíocháin i measc phobail na hEorpa.

Úsáideadh an bhratach den chéad uair mar bhratach Chomhairle na hEorpa in 1955. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí bratach á lorg ag Comhairle na hEorpa a thabharfadh siombail don Eoraip a d’fhéadfadh muintir na hEorpa a aithint. Roghnaigh sé an dearadh is fearr a léirigh neodracht, buaine agus simplíocht. 

Murab ionann agus míthuiscint choiteann, ní hionann an uimhir 12 agus líon Bhallstáit den Aontas seo againne ach is siombail den fhoirfeacht agus den chobhsaíocht iad, agus is siombail den aontas é an ciorcal. Ciallaíonn an uimhir sheasta nach dtagann aon athrú ar an mbratach gan beann ar fhás an Aontais Eorpaigh.

In 1983 ghlac Parlaimint na hEorpa an bhratach a cheap Comhairle na hEorpa agus mhol sí go ndéanfaí suaitheantas na gComhphobal Eorpach di. D’fhormheas an Chomhairle Eorpach í i mí an Mheithimh 1985. Tá na Comhphobail Eorpacha tar éis athrú go dtí an tAontas Eorpach anois, mar is eol dúinn inniu é.

Tá an bhratach íocónach anois ina feathal cumhachtach lasmuigh de theorainneacha an Aontais, agus is pointe slógaidh í do dhaoine atá ag troid ar son a gceart. Ar son na saoirse agus an daonlathais, na dínite agus an chomhionannais, an smachta reachta agus chearta an duine, na síochána agus na slándála. Thart ar 70 bliain tar éis a cruthaithe, ní hamháin gurb ionann bratach an Aontais agus idéil an Aontais, ach is siombail dóchais í anois.

Tuilleadh eolais

Bratach na hEorpa

Bratach na hEorpa ar crochadh ó bhí 1985 ann

 

Sonraí

Dáta foilsithe
27 Meitheamh 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide