Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Logo of European Institute of Innovation and Technology

Forbhreathnú

  • Ról: Nuálaíocht a chur chun cinn i dtíortha an Aontais Eorpaigh
  • Stiúrthóir: Martin Kern
  • Bliain a bunaithe: 2008
  • Líon foirne: 49
  • Suíomh: Búdaipeist (An Ungáir)
  • Suíomh gréasáin: EIT

Cuidíonn EIT le gnólachtaí agus le comhlachtaí oideachais agus taighde oibriú i gcomhar le chéile chun timpeallacht oibre atá fabhrach don nuálaíocht agus don fhiontraíocht san Eoraip a chruthú.

A ndéanann sé

Cothaíonn EIT cumas nuálaíochta na hEorpa, agus cuidíonn sí leis an Aontas dul san iomaíocht le piaraí i dtíortha eile agus, sa chaoi sin, poist agus saibhreas a chruthú.

Tugann sé le chéile na trí ghníomhaí thábhachtacha i gcúrsaí nuálaíochta – lucht gnó, lucht oideachais agus lucht taighde – le haghaidh comhpháirtíochtaí ilnáisiúnta dinimiciúla, ar a dtugtar Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), a chruthú chun:

  • táirgí agus seirbhísí nuálacha a fhorbairt
  • cuideachtaí nua a thosú
  • oiliúint a thabhairt do ghlúin nua fiontraithe.

Nuair a oibríonn cuideachtaí, ollscoileanna agus ionaid taighde tábhachtacha i gcomhar le chéile sna comhpháirtíochtaí sin cruthaíonn siad réitigh níos éifeachtaí nuálaí don Eoraip.

Iad sin a bhaineann leas as

Oibríonn EIT le réimse fhorleathan geallsealbhóirí nuálaíochta, go háirithe:

Féach freisin

An Seomra Nuachta

Glao ar thairiscintí

InnovEIT – Fóram Nuálaíochta EIT

EIT san Eoraip

EIT in Fís 2020 

Poist

Teagmháil

Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)

Ainm
Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)
Suíomh gréasáin
https://eit.europa.eu/
Uimhir ghutháin
+36 14 819 300
Seoladh poist
Budapest, Infopark 1/E, Neumann Janos utca, 1117, An Ungáir