Skip to main content
Fusion for Energy (F4E) - Logo

Forbhreathnú

  • Ról: ranníchuidiú na hEorpa do ITER a bhainistiú , agus comhoibriú leis an tSeapáin i dtionscadail T agus F maidir le comhleá
  • Stiúrthóir: Johannes Schwemmer
  • Bliain a bhunaithe: 2007
  • Líon foirne: 446
  • Suíomh: Barcelona (An Spáinn)
  • Suíomh gréasáinFuinneamh Comhleá

A ndéanann sé

Is í eagraíocht an Aontais a dhéanann bainistíocht ar rannchuidiú an Aontais do thionscadal ITER a bunaíodh chun féidearthacht eolaíoch agus theicneolaíoch an fhuinnimh chomhleá a thaispeáint. 

Ar na príomhdhualgais atá air tá cuidiú le lucht tionsclaíochta, fiontair bheaga agus meánmhéide agus eagraíochtaí taighde an méid a leanas a fhorbairt agus a chur ar fáil:

  • réimse comhpháirteanna teicneolaíochta
  • agus seirbhísí innealtóireachta cothabhála agus tacaíochta chun taca a chur faoi ITER. 

Is é is aidhm do ITER taighde a dhéanamh ar an gcomhleá, foinse cumhachta na gréine agus na réaltaí. Is í forbairt foinse fuinnimh atá sábhailte, neamhtheoranta agus freagrach i leith an chomhshaoil an cuspóir atá aige. Is é an tAontas a sheasfaidh beagnach leath de na costais tógála, agus roinnfear an fuílleach go cothrom ar na 6 chomhpháirtí eile:

  • an tSín
  • an tSeapáin
  • an India
  • Poblacht na Cóiré
  • Cónaidhm na Rúise
  • Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá an tionscadal lonnaithe sa Fhrainc

Tacaíonn Fuinneamh Comhleá (F4E) le tionscnaimh Taighde agus Forbartha trí bhíthin an Chomhaontaithe um Chur Chuige Níos Fairsinge a síníodh leis an tSeapáin. Is í an fheidhm atá aige ullmhú do thógáil imoibreoirí taispeána comhleá (DEMO). 

Iad sin a bhaineann leas as

  • an pobal i gcoitinne san Aontas - trí mheascadh fuinnimh atá níos leithne agus níos inbhuanaithe
  • lucht tionsclaíochta na hEorpa, fiontair bheaga agus meánmhéide agus eagraíochtaí T agus F - a bhuí le comhpháirtíocht thréan iomaíoch sa mhargadh fuinnimh chomhleáite a bheidh ann sa todhchaí
  • iomaíochas Eorpach – a bhuí leis an spreagadh don nualaíocht, don fhás, don saineolas agus don fhostaíocht
  • an tAontas Fuinnimh Eorpach agus a thionchar idirnáisiúnta.

Féach freisin

An nuachtlitir

Barrscéalta

Tuarascálacha Bliantúla

Bileoga eolais

Bróisiúir

Teagmháil

Ainm
Fuinneamh Comhleá (F4E)
Suíomh gréasáin
http://fusionforenergy.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
Uimhir ghutháin
+34 93 320 18 00
Uimhir facs
+34 93 320 18 51
Seoladh poist
Torres Diagonal Litoral Edificio B3, C/ Josep Pla 2, 08019 Barcelona Barcelona, An Spáinn
Na meáin shóisialta