Forléargas
- Ról: bainistíonn sé rannchuidiú an Aontais le ITER agus comhoibríonn sí leis an tSeapáin maidir le tionscadail taighde agus forbartha comhleá
- Stiúrthóir: Marc Lachaise
- Bliain a bhunaithe: 2007
- An líon foirne: 446
- Láthair: Barcelona (an Spáinn)
- Suíomh Gréasáin: Fuinneamh Comhleá
Gníomhaíochtaí
Is í eagraíocht an Aontais a bhainistíonn rannchuidiú an Aontais le tionscadal ITER, agus ceapadh í chun indéantacht eolaíoch agus theicneolaíoch na comhleá a léiriú.
Ar na príomhdhualgais atá air tá cuidiú le lucht tionsclaíochta, fiontair bheaga agus meánmhéide agus eagraíochtaí taighde an méid a leanas a fhorbairt agus a chur ar fáil:
- réimse comhpháirteanna teicneolaíochta
- agus seirbhísí innealtóireachta cothabhála agus tacaíochta chun taca a chur faoi ITER.
Is é is aidhm do ITER taighde a dhéanamh ar an gcomhleá, foinse cumhachta na gréine agus na réaltaí. Is í forbairt foinse fuinnimh atá sábhailte, neamhtheoranta agus freagrach i leith an chomhshaoil an cuspóir atá aige. Is é an tAontas a sheasfaidh beagnach leath de na costais tógála, agus roinnfear an fuílleach go cothrom ar na 6 chomhpháirtí eile:
- an tSín
- an tSeapáin
- an India
- Poblacht na Cóiré
- Cónaidhm na Rúise
- Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Tá an tionscadal lonnaithe sa Fhrainc.
Tacaíonn Fuinneamh Comhleá (F4E) le tionscnaimh taighde agus forbartha trí bhíthin an Chomhaontaithe um Chur Chuige Níos Fairsinge a síníodh leis an tSeapáin. Is í an fheidhm atá aige ullmhú do thógáil imoibreoirí taispeána comhleá (DEMO).
Cé a bhaineann tairbhe as?
- an pobal i gcoitinne san Aontas – trí mheascadh fuinnimh atá níos leithne agus níos inbhuanaithe
- lucht tionsclaíochta na hEorpa, fiontair bheaga agus meánmhéide agus eagraíochtaí taighde agus forbartha – a bhuí le comhpháirtíocht thréan iomaíoch sa mhargadh fuinnimh chomhleáite a bheidh ann sa todhchaí
- iomaíochas Eorpach – a bhuí leis an spreagadh don nualaíocht, don fhás, don saineolas agus don fhostaíocht
- an tAontas Fuinnimh Eorpach agus a thionchar idirnáisiúnta.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
Fuinneamh Comhleá (F4E)
- Ainm
- Fuinneamh Comhleá (F4E)
- Suíomh gréasáin
- https://fusionforenergy.europa.eu/
- Seoladh ríomhphoist
- info
f4e [dot] europa [dot] eu
- Uimhir ghutháin
- +34 93 320 18 00
- Uimhir facs
- +34 93 320 18 51
- Seoladh poist
Torres Diagonal Litoral Edificio B3 C/ Josep Pla 2
08019 Barcelona Barcelona
An Spáinn- Na meáin shóisialta