Forbhreathnú
- Ról: Cuidíonn Europol le húdaráis forfheidhmithe dlí náisiúnta dul i ngleic le coireacht idirnáisiúnta thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht.
- Stiúrthóir: Catherine De Bolle
- Bliain a bhunaithe: 1999
- Líon foirne: 900+
- Suíomh: An Háig (An Ísiltír)
- Suíomh gréasáin: Europol
Is é an Oifig Eorpach Póilíní gníomhaireacht forfheidhmithe dlí an Aontais, ar a bhfuil an sainchúram cuidiú le sábháilteacht a chur chun cinn san Eoraip, trí chabhrú le húdaráis forfheidhmithe dlí i mBallstáit an Aontais.
A ndéanann sé
Ag baint leasa dó as an suíomh lárnach atá aige i struchtúr slándála na hEorpa, cuireann Europol réimse seirbhísí ar leith ar fáil:
- tacaíocht d'oibríochtaí dlí ar an láthair
- mol faisnéise maidir le gníomhaíochtaí coiriúla
- lárionad saineolais forfheidhmithe dlí.
Tá thart ar 100 anailísí coiriúla fostaithe ag Europol agus tá siad ar na hanailísithe is mó oiliúint sa Eoraip. Fágann sé sin go bhfuil ceann de na comhchruinnithe cumais anailíse is dlúithe san Aontas ag Europol. Baineann anailísithe úsáid as na huirlisí is déanaí chun tacú le himscrúduithe de chuid na n-údarás náisiúnta ar bhonn laethúil.
Chun léargas níos fearr a thabhairt dá gcomhpháirtithe náisiúnta ar na fadhbanna a bhfuil siad ag dul i ngleic leo, cuireann Europol anailís fhadtéarmach maidir le coireacht agus sceimhlitheoireacht ar fáil.
Iad sin a bhaineann leas as
- Gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí,a gcuirtear tacaíocht oibríochtúil ar fáil dóibh de ló is d'oíche.
- Ranna rialtais agus cuideachtaí príobháideacha a oibríonn i gcomhpháirtíocht le Europol.
- Ballstáit an Aontais, a dtugtar tacaíocht dóibh ina n-imscrúduithe, a ngníomhaíochtaí oibríochtúla agus a dtionscadail chun dul i ngleic le bagairtí coiriúla.
Féach freisin
Teagmháil
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)
- Ainm
- Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)
- Suíomh gréasáin
- https://www.europol.europa.eu/ga/about-europol/
- Uimhir ghutháin
- +31 70 302 50 00
- Uimhir facs
- +31 70 345 58 96
- Seoladh poist
- Eisenhowerlaan 73, 2517 KK Den Haag, An Ísiltír
- Na meáin shóisialta