Na Toghcháin Eorpacha, an 6-9 Meitheamh 2024
Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl ón Déardaoin go dtí an Domhnach, an 6-9 Meitheamh 2024.
Más saoránach den Aontas Eorpach thú, tá sé de cheart agat vóta a chaitheamh sna toghcháin sin, in éineacht le tuairim is 400 milliún Eorpach eile. Agus tá tábhacht le do vóta.
Bain úsáid as do vóta chun cinneadh a dhéanamh faoin méid ar cheart don Aontas Eorpach díriú air sna cúig bliana amach romhainn. Chun cabhrú leis an domhan ina bhfuil tú ag maireachtáil a athrú agus chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda atá timpeall orainn. Chun do thuairimí faoi thodhchaí dhaonlathas na hEorpa a chur in iúl.
Is bronntanas luachmhar é an daonlathas a tugadh dúinn ó na glúine a chuaigh romhainn. Chuaigh siad sa tóir air agus throid siad ar a shon. Níor cheart dúinn riamh talamh slán a dhéanamh den daonlathas. Is fúinne atá sé é a chothabháil, é a dhéanamh níos láidre agus é a chur ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht.
Óir dá mhéad daoine a chaitheann vóta, is ea is láidre an daonlathas.
An 6-9 Meitheamh 2024: Bain úsáid as do vóta nó déanfaidh daoine eile cinneadh ar do shon.
Faigh amach faoin Aontas Eorpach
Seo a leanas na comhphrionsabail agus na comhluachanna is bunús leis an saol san Aontas Eorpach: an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus an smacht reachta, lena gcuirtear an tsíocháin agus an chobhsaíocht chun cinn.
Faigh eolas faoi thosaíochtaí an Aontais do 2019-2024: Eoraip ghlas a chur chun cinn, an bonn eacnamaíoch a fhorbairt, saoránaigh agus a saoirsí a chosaint.
An chaoi a ndéantar buiséad an Aontais a mhaoiniú agus a chaitheamh, cistí an Aontais a bhainistiú, réimsí caiteachais, seiceáil fíricí maidir le buiséad an Aontais.
Faigh eolas faoin méid a dhéanann an tAontas dá shaoránaigh agus faoi na bealaí a gcosnaíonn sé cearta, a gcuireann sé an rathúlacht chun cinn agus a ndéanann sé gach iarracht an domhan a dhéanamh níos sábháilte do chách.
Foghlaim tuilleadh faoin Aontas sna foilseacháin úsáideacha seo faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas, idir an euro agus an dlí, an stair agus an taisteal
An nuacht faoi thrácht
Tá an nuacht faoi thrácht go léir le fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais tríd an tseirbhís meaisínaistriúcháin.
On International Day against Homophobia, Biphobia and Transphobia, the EU reaffirms homophobia, biphobia and transphobia have no place in the EU or anywhere in the world. Equality, freedom and justice must apply to everyone regardless of actual or perceived sexual orientation and gender identity.
The Centre National de la Recherche Scientifique, France, and the Universitat Rovira i Virgili, Spain, have both won EU Sustainable Gender Equality Champions awards. The Gender Equality Champions newcomer award went to Ireland’s Technological University of the Shannon: Midlands Midwest.
The Commission will support 54 joint European defence research and development projects with more than €1 billion from the European Defence Fund. The selected projects will support technological excellence in defence capabilities, like cyber defence, ground, air and naval combat and space.