Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2019-2024

Cuspóir

Tar éis na dtoghchán Eorpach i mí na Bealtaine 2019, leag an tAontas Eorpach amach roinnt tosaíochtaí lena múnlófar an clár oibre polaitiúil agus beartais go dtí 2024. Tugann siad aghaidh ar na príomhdhúshláin atá os comhair an Aontais agus náisiúnaigh an Aontais.

Eascraíonn na tosaíochtaí as plé idir ceannairí an Aontais, airí náisiúnta, institiúidí an Aontais agus na grúpaí polaitiúla a toghadh chuig Parlaimint na hEorpa. I mí an Mheithimh 2019 leag ceannairí an Aontais amach na tosaíochtaí a bhí acu i gclár oibre straitéiseach an Aontais don tréimhse 2019-2024. Is ábhar inspioráide é sin do thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh, ar tosaíochtaí iad a dhréachtaíonn sé sula dtéann sé i mbun oifige ar feadh téarma 5 bliana.

Clár oibre straitéiseach nua don Aontas, 2019-2024

Ina clár oibre straitéiseach don tréimhse 2019-2024, leag an Chomhairle Eorpach amach 4 réimse tosaíochta chun obair institiúidí an Aontais a threorú sna 5 bliana amach romhainn. Leis na réimsí sin féachtar le freagairt do na dúshláin agus na deiseanna atá tagtha chun cinn mar gheall ar an staid dhomhanda atá ann faoi láthair. Trí dhíriú ar na réimsí sin, féadfaidh an tAontas a ról i dtimpeallacht dhúshlánach an lae inniu a neartú.

Sainaithnítear sa chlár oibre straitéiseach freisin conas is féidir na tosaíochtaí a chur i gcrích.

Na 4 thosaíocht

Saoránaigh agus a gcearta a chosaint

Smacht éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais a chinntiú agus beartas cuimsitheach imirce a fhorbairt a thuilleadh. An sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann agus ar líne a chomhrac, athléimneacht an Aontais a mhéadú in aghaidh tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine araon.

Bonn eacnamaíoch láidir bríomhar a fhorbairt

Geilleagar athléimneach a thógáil tríd an Aontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta a dhoimhniú ionas go mbeidh an Eoraip níos ullmhaithe do thurraingí amach anseo, an t-aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil a chur i gcrích, ról idirnáisiúnta an euro a neartú, infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus san oideachas, tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí na hEorpa, glacadh leis an aistriú digiteach agus beartas tionsclaíochta láidir a fhorbairt.

Eoraip aeráidneodrach ghlas chothrom shóisialta a thógáil

Infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh ghlasa a fheabhsaíonn cáilíocht an aeir agus an uisce, talmhaíocht inbhuanaithe a chur chun cinn agus córais chomhshaoil agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú. Geilleagar ciorclach éifeachtach a chruthú (ina ndeartar táirgí le go mbeidh siad níos marthanaí, níos in-athúsáidte, níos indeisithe, níos in-athchúrsáilte agus níos tíosaí ar fhuinneamh) agus margadh fuinnimh de chuid an Aontais a chruthú ar margadh é a fheidhmíonn go maith agus a chuireann fuinneamh inbhuanaithe slán inacmhainne ar fáil. Aistriú níos tapúla chuig foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus spleáchas an Aontais ar fhoinsí seachtracha fuinnimh a laghdú. Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

Leasanna agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda

Beartas eachtrach láidir a thógáil bunaithe ar bheartas comharsanachta uaillmhianach le 16 chinn dá chomharsana is cóngaraí thoir agus theas agus comhpháirtíocht chuimsitheach leis an Afraic. An tsíocháin, an chobhsaíocht, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain. Beartas láidir trádála a chinntiú i gcomhréir leis an iltaobhachas agus leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. Tuilleadh freagrachta a ghlacadh as an tslándáil agus an chosaint, agus comhoibriú go dlúth le ECAT ag an am céanna.

Léigh tuilleadh maidir le clár oibre polaitiúil an Aontais Eorpaigh

Clár oibre straitéiseach nua don Aontas, 2019-2024

Tosaíochtaí an Choimisiúin don tréimhse 2019-2024 (treoirlínte polaitiúla)

Chinn Uachtarán an Choimisiúin 6 thosaíocht pholaitiúla do shainordú reatha 5 bliana an Choimisiúin. Tá na tosaíochtaí sin bunaithe ar chlár oibre straitéiseach na Comhairle agus ar phlé leis na grúpaí polaitiúla i bParlaimint na hEorpa.

Na 6 thosaíocht

Comhaontú Glas don Eoraip

An tAontas a aistriú go geilleagar atá nua-aimseartha, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch, agus ag an am céanna comhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú, aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus an Eoraip a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de agus tíosach ar acmhainní faoi 2050.

Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach

Glacadh leis an aistriú digiteach trí infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí, sa taighde agus sa nuálaíocht, cosaint sonraí a athchóiriú, daoine a chumasú leis na scileanna is gá le haghaidh ré nua teicneolaíochtaí agus rialacha a cheapadh chuige sin.

Geilleagar a fhóireann do dhaoine

Geilleagar an Aontais a threisiú, agus san am céanna poist a chinntiú agus neamh-chomhionannas a laghdú, tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí, an tAontas Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta a dhoimhniú agus an t-aontas baincéireachta agus aontas na margaí caipitil a chur i gcrích.

Eoraip níos láidre sa domhan mór

Neart a chur i nguth an Aontais ar ardán an domhain trí fheabhas a chur ar a sheasamh mar chrann taca don trádáil láidir oscailte chothrom, don iltaobhachas agus d’ord idirnáisiúnta riailbhunaithe. Borradh a chur faoi chaidrimh le tíortha comharsanachta agus le comhpháirtithe chomh maith le cumais shibhialtacha agus mhíleata an Aontais a neartú chun gur fearr a bheidh sé in ann géarchéimeanna a bhainistiú.

Ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn

Cearta bunúsacha agus an smacht reachta a urramú mar chrann taca an chomhionannais, na caoinfhulaingthe agus na cothromaíochta sóisialta. Aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála, tomhaltóirí a chosaint agus a chumasú chomh maith le córas a fhorbairt le haghaidh imirce dhlíthiúil shábháilte, agus teorainneacha seachtracha an Aontais á mbainistiú go héifeachtach, córas tearmainn an Aontais á nuachóiriú agus dlúthchomhar á dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta san am céanna.

Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa

Próisis dhaonlathacha na hEorpa a neartú tríd an gcaidreamh le Parlaimint na hEorpa agus leis na parlaimintí náisiúnta a dhoimhniú, daonlathas an Aontais a chosaint ar chur isteach seachtrach, trédhearcacht agus sláine a chinntiú ar fud an phróisis reachtaigh, agus teagmháil níos leithne a dhéanamh le muintir na hEorpa maidir le todhchaí an Aontais a mhúnlú.

Tuilleadh eolais maidir le tosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh

Tuilleadh eolais maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin de réir topaice