Skip to main content

Na príomhrudaí atá bainte amach ag an Aontas Eorpach agus tairbhí follasacha

Na príomhrudaí atá bainte amach

Ó bhí 1957 ann, is iomaí rud iontach atá bainte amach ag an Aontas dá shaoránaigh ar fud an domhain, cuir i gcás:

  • mór-roinn a mhaireann faoi shíocháin
  • saoirse dá shaoránaigh maireachtáil, staidéar nó obair a dhéanamh in áit ar bith san Aontas
  • an margadh aonair is mó ar domhan
  • cúnamh cabhrach agus forbartha le haghaidh na milliún daoine ar fud an domhain

An tsíocháin agus an chobhsaíocht

A bhuí leis an Aontas Eorpach bhí níos mó ná leathchéad bliain de shíocháin, de chobhsaíocht agus de rathúlacht san Eoraip. Tá ról tábhachtach aige freisin sa taidhleoireacht agus oibríonn sé chun na tairbhí sin a chur chun cinn ar fud an domhain, mar aon leis an daonlathas, saoirsí bunúsacha agus an smacht reachta.

70 bliain den bhuansíocháin

An staid san Eoraip ó 1500 go dtí 2000 le tréimhsí fada cogaidh go dtí na 1950idí nuair a thosaigh tréimhse síochána.

 

  • Is ar an taidhleoireacht agus ar an urraim do rialacha idirnáisiúnta atá comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais bunaithe, agus is comhbheartas é atá dírithe ar choinbhleachtaí a réiteach agus ar an gcomhthuiscint idirnáisiúnta a chothú.

An margadh aonair

Is é an margadh aonair príomhinneall eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh. Fágann sé go mbíonn saorchúrsaíocht ar fud na mór-roinne ann maidir leis an gcuid is mó d’earraí, do sheirbhísí, d’airgead agus do dhaoine.

Is cinnte gurb éasca ná riamh anois taisteal ar fud na hEorpa – tá an ceart ag gach saoránach den Aontas staidéar, obair a dhéanamh nó dul ar scor in aon Bhallstát eile. Mar náisiúnach den Aontas, tá sé de dhualgas ar gach Ballstát caitheamh leat ar an gcaoi chéanna a gcaitheann siad lena gcuid saoránach féin a mhéid a bhaineann le fostaíocht, slándáil shóisialta agus cáin.

  • An euro – baineann níos mó ná 340 milliún saoránach den Aontas úsáid as an euro agus is a bhuí leis nach bhfuil ann a thuilleadh do luaineacht san airgeadra ná costais maidir le malartú airgid. Freisin, neartaigh sé an margadh aonair, rud atá chun tairbhe dúinn ar fad.
  • Seirbhísí teileafóin agus digiteacha – ní bhaineann costas breise le d’fhón ná seirbhísí ar líne a úsáid ar fud an Aontais a thuilleadh i ngeall gur cuireadh deireadh le rialacha fánaíochta.
341 million
Euro
The number of people who use the euro every day in 20 countries
17 million
Live or work
17 million EU citizens live or work in another EU country
Zero
Extra cost
Phone and online services at no extra cost across the EU

Cearta agus cosaintí na saoránach

Leis an gConradh ar an Aontas Eorpach bronntar réimse leathan ceart ar shaoránaigh den Aontas agus orthu siúd a bhfuil cónaí dlíthiúil ann, ar cearta iad atá cumhdaithe san iliomad réimsí i ndlí an Aontais.

An Chairt um Chearta Bunúsacha

Is sa Chairt a bhailítear le chéile na cearta pearsanta, sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta uile atá ag daoine laistigh den Aontas.

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

Zero
Tolerance
Zero tolerance for discrimination
Free speech
For all
Everyone has the right to freedom of expression

Cearta fostaíochta

Tá teacht ag gach duine a oibríonn san Aontas ar chearta íosta a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, cuir i gcás; comhdheiseanna; cosaint in aghaidh gach cineáil idirdhealaithe; agus dlí an tsaothair.

Téigh ar scor i dtír eile

48
Hours
The maximum number of hours a worker in the EU can work in any 7-day period
4
Weeks
The minimum period of paid leave guaranteed for each worker per year

Cearta digiteacha

Tá seasamh láidir tógtha ag an Aontas chun cearta aonair agus sonraí pearsanta a chosaint sna dlíthe a bhaineann le cosaint sonraí agus príobháideachas chun a chinntiú go bhfuil níos mó smachta againn ar ár sonraí pearsanta.

An ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad

74%
Online shopping
74% of internet users aged 16 to 74 in the EU shop online
100%
Protection of personal data
Everyone has the right to the protection of personal data

Cearta tomhaltóirí

Is féidir le tomhaltóirí an Aontais a bheith lánmhuiníneach as go bhfaighidh siad a gcuid airgid ar ais i gcás ina dtógann siad earraí nach bhfuil uathu ar ais agus go bhfaighidh siad aisíocaíocht má bhíonn orthu dul i ngleic le moilleanna inseachanta nó cealuithe agus iad ag taisteal.

Na caighdeáin is gá d’earraí a chomhlíonadh i siopaí an Aontais, tá siad i measc na gcaighdeán is déine ar domhan i dtaca le cáilíocht agus sábháilteacht.

Cearta siopadóirí

0%
Added fees
For credit or debit card purchases in the EU
€100 000
Protected
Bank deposits of up to €100 000 are always protected

Gnó, fás agus trádáil

Is é an tAontas Eorpach an bloc trádála is mó ar domhan. Is é an t-easpórtálaí is mó ar domhan é ó thaobh earraí monaraithe agus seirbhísí de, agus is é an margadh iompórtálacha is mó é ag bhreis agus 100 tír.

Bhí an tsaorthrádáil idir na Bhallstáit ar phrionsabail bhunaidh an Aontais Eorpaigh. Agus is mar gheall ar an margadh aonair is féidir an tsaorthrádáil sin a dhéanamh. Lasmuigh dá chuid teorainneacha, tá an tAontas Eorpach tiomanta an trádáil dhomhanda a liobrálú freisin.

Gnó

Cinntíonn rialacha an Aontais, agus an tacaíocht a chuireann an tAontas ar fáil do ghnólachtaí beaga, gur gá do chuideachtaí móra a gcion féin den cháin a íoc. Ar an gcaoi sin, cinntíonn an tAontas go bhfuil tú cosanta ar mhíbhuntáistí an domhandaithe. Is féidir leis an Aontas cuidiú leat má caitheadh leat go héagórach mar úinéir gnólachta.

Is féidir le cláir rathúla de chuid an Aontais, cuir i gcás Erasmus+, cuidiú leat chun oiliúint a fháil agus gach deis a thapú i dtaca le do ghairm bheatha.

Wider market
Free movement
Businesses from one EU country are free to offer goods and services in another EU country without being based there
640 000
Erasmus+
Almost 640 000 people studied, trained or volunteered abroad in 2020

Trádáil

Trí ghníomhú i dteannta a chéile d’aon ghuth in ionad le straitéisí trádála ar leithligh, tá seasamh láidir ag an Aontas ar an leibhéal domhanda.

Is é an tAontas atá ar thosach an tslua a mhéid a bhaineann leis an trádáil dhomhanda. I ngeall ar a oscailte is atá ár gcleachtas trádála, is é an tAontas an gníomhaí is mó i dtaobh trádáil dhomhanda de agus is iontaofa an comhpháirtí é le gnó a dhéanamh.

Síníodh an comhaontú sin in 2018 agus, a bhuí leis, is éasca atá sé do ghnólachtaí an Aontais níos mó a easpórtáil chuig Singeapór, sin agus cuidíonn sé chun cearta daoine a chosaint ag an obair, an comhshaol a chosaint agus osclaíonn sé margaí Shingeapór do chuideachtaí an Aontais le haghaidh seirbhísí agus conarthaí rialtais.

15%
World trade
The EU accounts for around 15% of the world’s trade in goods
Global trade
EU, China, US
The EU, China and the United States are the three largest global players in international trade

Caighdeáin cáilíochta bia agus caighdeáin chomhshaoil

Bíonn dlúthchomhar idir na Ballstáit agus, mar gheall air sin, tá cuid de na caighdeáin cháilíochta is airde ar domhan ag ár mbia agus ár gcomhshaol.

Bia

Tá sé mar aidhm ag gach dlí agus caighdeán de chuid an Aontais sláinte a chosaint san earnáil talmhaíochta agus in earnáil an bhia. Cumhdaíonn corpas cuimsitheach de dhlí uile-Aontais slabhra iomlán an táirgthe agus na próiseála bia laistigh den Aontas Eorpach, mar aon le hearraí iompórtáilte agus easpórtáilte.

Zero
Antibiotic growth promoters
Antibiotic growth promoters have not been used in the EU since 2006
3500
EU quality scheme
3500 products registered under an EU quality scheme

An comhshaol

Tá cuid de na caighdeáin chomhshaoil is airde ar domhan forbartha ag an Aontas. Le beartas an Aontais, féachtar leis na rioscaí don aeráid, don tsláinte agus don bhithéagsúlacht a íoslaghdú.

2050
Climate neutral target
2050 - EU aims to become climate neutral
20%
Greenhouse gas
2014 - The year the EU reached its 2020 target of cutting greenhouse gas emissions by 20%

Taidhleoireacht agus forbairt idirnáisiúnta

Is láidre guth na mBallstát i dteannta a chéile ar an leibhéal domhanda ná 27 mBallstát aonair, ar mhéideanna éagsúla, ag gníomhú astu féin. I dteannta a chéile, is iad institiúidí an Aontais agus na rialtais náisiúnta na deontóirí is mó ar domhan maidir le cúnamh forbartha agus oibríonn siad i gcomhar le chéile chun dea-rialachas a chur chun cinn, an t-ocras a chomhrac agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú.

Taidhleoireacht agus slándáil

Trí thacaíocht pholaitiúil, phraiticiúil agus eacnamaíoch a thabhairt, tá ról ríthábhachtach glactha ag an Aontas i gcothú na síochána sna Balcáin Thiar ó bhí na cogaí san Iúgslaiv ann. Sampla amháin is ea an t-idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv a d’éascaigh an tAontas, agus as ar eascair margadh fíorshuntasach a rinneadh in Aibreán 2013 agus atá á chur chun feidhme faoi láthair le tacaíocht ón Aontas.

Cearta an Duine

Tá treoirlínte beartais um chearta an duine forbartha ag an Aontas, treoirlínte a chlúdaíonn réimsí amhail pionós an bháis, céasadh, agus saoirse chun tuairimí a nochtadh, idir as líne agus ar líne. Leis an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Chearta an Duine (EIDHR) de chuid an Aontais, cuirtear tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar an meas atá ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha sna tíortha agus sna réigiúin inar mó is baol dóibh.

Cabhair dhaonnúil

Cuireann an tAontas cúnamh ar fáil do thíortha agus do dhaonraí laistigh den Eoraip agus ar an gcoigríoch araon nuair a bhíonn tubaistí móra ann nó géarchéimeanna daonnúla. Le chéile, is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan. Gach bliain, cuireann an tAontas bia, dídean, cosaint, cúram sláinte agus uisce glan ar fáil do níos mó ná 120 milliún íospartach tubaistí agus coinbhleachta i mbreis agus 80 tír.

120 million
Beneficiaries of humanitarian funding
Number of people who receive humanitarian funding each year from the EU
€2.4 billion
Humanitarian budget in 2021
In 2021, the humanitarian budget of the European Commission exceeded €2.4. billion

Cabhair, forbairt agus taidhleoireacht sa chleachtas

Oibríonn an tAontas i gcomhar le rialtais i 150 tír chomhpháirteacha ar fud an domhain atá i mbéal forbartha, agus leis an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

Mar shampla, cuireann an tAontas cineálacha éagsúla cúnaimh agus cabhrach forbartha ar fáil i Háítí chun cuidiú leis an tír athléimneacht a fhorbairt, laigí struchtúracha a réiteach agus faoiseamh gearrthéarmach a thabhairt do na daoine is leochailí. Ó bhí 1994 ann tá cabhair dhaonnúil dar luach níos mó ná €419 milliún curtha ar fáil ag an Aontas do Háítí chun:

  • rochtain a chinntiú ar sheirbhísí sláinte tarrthála
  • dídean éigeandála a dháileadh i gcampaí agus ar theaghlaigh óstacha
  • rochtain a chinntiú ar uisce agus ar shaoráidí sláintíochta
  • bia a dháileadh
  • méadú ar mhíchothú, ráigeanna eipidéimí agus corraíl shibhialta fhéideartha a chosc
  • leochaileacht i gcampaí a laghdú
  • córais réamhrabhaidh a chur ar bun agus ionaid dídine agus infreastruchtúr a neartú i gcoinne hairicíní, tuillte agus guaiseacha nádúrtha eile athfhillteacha.

Cabhair fhorbartha an Aontais i Háítí

21 countries
Humanitarian air bridge
In 2020 and 2021, European Union Humanitarian Air Bridge assisted 21 countries
54,51%
World top donor
In 2020, the EU disbursed 54,51% in development assistance

Video gallery