Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA)

logo of European Agency for the operational management of large-scale IT systems in the area of freedom, security and justice

Forbhreathnú

  • Ról: Tacaíocht a thabhairt don Aontas Eorpach ina bheartas maidir le ceartas agus gnóthaí baile trí chórais TF ar mhórscála a bhainistiú
  • Stiúrthóir: Agnès Diallo
  • Bliain a bhunaithe: 2011, ag feidhmiú ón 1 Nollaig 2012
  • An líon foirne: 342 (deireadh 2023)
  • Láthair: Suíomh: Taillinn na hEastóine, suíomh oibríochta: Strasbourg na Fraince, suíomh cúltaca: Sankt Johann im Pangau san Ostair
  • Suíomh GréasáinAn Ghníomhaireacht TF (eu-LISA)

Tugann eu-LISA tacaíocht theicneolaíoch do thíortha an Aontais Eorpaigh ina n-iarrachtaí an Eoraip a dhéanamh níos sábháilte.

Gníomhaíochtaí

Déanann sé bainistiú ar chórais chomhtháite TF ar mhórscála a dhéanann an méid seo a leanas:

  • slándáil inmheánach agus bainistiú teorainneacha a chothabháil i dtíortha Schengen
  • tíortha Schengen a chumasú chun sonraí víosa a mhalartú
  • an tír den Aontas Eorpach a bhfuil uirthi iarratas ar thearmann ar leith a scrúdú a chinneadh.

Áirithíonn eu-LISA gur féidir le muintir na hEorpa taisteal faoi shaoirse laistigh den Aontas, gan slándáil na hEorpa a bheith thíos leis.

Déanann an ghníomhaireacht tástáil freisin ar theicneolaíochtaí nua a chuideoidh chun córas bainistithe teorann an Aontais a dhéanamh níos nua-aimseartha, níos éifeachtúla, agus níos sláine. Tá na córais bainistithe teorann a bheidh ag an Aontas amach anseo, EES agus ETIAS, á bhforbairt aici faoi láthair, mar aon le ECRIS-TCN, e-CODEX agus JITanna CP a bheidh ag fónamh i réimse ceartais na hEorpa. 

Cé a bhaineann tairbhe as?

Daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas atá in ann cónaí agus taisteal faoi shaoirse laistigh den Aontas.

Tuilleadh eolais

Seomra nuachta eu-LISA

Teagmháil

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais

Ainm
Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais
Suíomh gréasáin
https://www.eulisa.europa.eu/
Seoladh ríomhphoist
infoateulisa [dot] europa [dot] eu
Seoladh poist
Vesilennuki 5, 10415 Taillinn An Eastóin, An Eastóin
Na meáin shóisialta