Forbhreathnú
- Ról: An chosaint atá ag an Eoraip i gcoinne galair ionfhabhtaíocha a neartú
- Stiúrthóir: An Dr. Pamela Rendi-Wagner
- Bliain a bhunaithe: 2005
- An líon foirne: 290
- Suíomh: Stócólm na Sualainne
- Suíomh Gréasáin: ECDC
An t-eolas is déanaí ó ECDC maidir le COVID-19
Gníomhaíochtaí
- An Córas Eorpach um Fhaireachas (TESSy) a úsáid chun anailís a dhéanamh ar shonraí ó Bhallstáit den Aontas agus iad a léirmhíniú maidir le 52 ghalar agus riocht ionfhabhtaíocha.
- Comhairle eolaíoch a chur ar fáil do rialtais agus d’institiúidí den Aontas.
- A chinntiú go mbraitear bagairtí go luath agus anailís a dhéanamh ar na bagairtí atá ag teacht chun cinn san Aontas.
- An Clár Eorpach um Oiliúint san Eipidéimeolaíocht Idirghabhála (EPIET) agus an Clár Eorpach um Oiliúint sa Mhicribhitheolaíocht don tSláinte Phoiblí (EUPHEM) a chomhordú.
- Cabhrú le rialtais den Aontas ullmhú do ráigeanna galar.
- ESCAIDE, an Chomhdháil Eolaíoch Eorpach maidir leis an Eipidéimeolaíocht Fheidhmeach i nGalair Ionfhabhtaíocha, comhdháil bhliantúil eolaíoch trí lá, a eagrú.
Cé a bhaineann tairbhe as?
- lucht sláinte poiblí san Eoraip, go háirithe
- comhlachtaí sláinte poiblí náisiúnta agus fo-náisiúnta san Aontas/LEE
- institiúidí an Aontais
- lucht ceaptha beartas eile san Eoraip
- gairmithe sláinte poiblí, taighdeoirí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus údaráis náisiúnta lasmuigh den Eoraip.
Teagmháil
An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
- Ainm
- An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
- Suíomh gréasáin
- https://www.ecdc.europa.eu/ga
- Seoladh ríomhphoist
- info
ecdc [dot] europa [dot] eu - Uimhir ghutháin
- +46 8 586 010 00
- Uimhir facs
- +46 8 586 010 01
- Seoladh poist
Gustav III:s Boulevard 40
16973 Solna
An tSualainn- Na meáin shóisialta
