Forléargas
- Ról: Is é is aidhm don Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála (ECCC) acmhainneachtaí cibearshlándála agus iomaíochas na hEorpa a mhéadú, ag obair i gcomhar le Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin chun pobal cibearshlándála láidir a thógáil.
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin: Luca Tagliaretti
- Bord Rialaithe: Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún (agus ionadaí malartach do gach ionadaí), ar na breathnóirí tá ENISA agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin ECCC (glacann sé páirt i gcruinnithe an Bhoird Rialaithe ach níl aon cheart vótála aige)
- Bliain a bhunaithe: 2021
- Áit: Búcairist na Rómáine
- Suíomh gréasáin: An Lárionad Eorpach Inniúlachta um Chibearshlándáil
Is é an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála (ECCC), in éineacht le Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin, creat nua na hEorpa chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an mbeartas tionsclaíoch sa chibearshlándáil.
Tá sé d’aidhm aige an méid seo a leanas a dhéanamh:
- ceannaireacht agus uathriail straitéiseach an Aontais a threisiú
- tacú le hacmhainneachtaí teicneolaíochta an Aontais
- iomaíochas domhanda thionscal cibearshlándála an Aontais a mhéadú
An méid a dhéanann an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála
Déanann an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an tionscal agus le pobal teicneolaíochta na cibearshlándála, clár oibre straitéiseach comhchoiteann a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an teicneolaíocht a fhorbairt agus a chur in úsáid go forleathan i réimsí a bhaineann le leas an phobail agus i ngnólachtaí, go háirithe FBManna.
Cuirfidh an Lárionad agus an Líonra le chéile feabhas ar ár gceannasacht theicneolaíoch trí infheistíocht chomhpháirteach a dhéanamh i dtionscadail straitéiseacha chibearshlándála.
Comhdhéanamh
Cuimsítear an méid seo a leanas i struchtúr riaracháin agus rialachais ECCC:
- Bord Rialaithe a chuireann treoshuíomh straitéiseach ar fáil agus a dhéanann maoirseacht ar ghníomhaíochtaí ECCC
- Stiúrthóir Feidhmiúcháin arb é ionadaí dlíthiúil ECCC é agus atá freagrach as bainistiú laethúil ECCC
- Grúpa Comhairleach Straitéiseach a chinntíonn idirphlé cuimsitheach leanúnach buan idir an pobal agus an Lárionad Inniúlachta
Conas a oibríonn an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála?
Tá trí luamhán cur chun feidhme ann:
- clár oibre straitéiseach: straitéis chuimsitheach inbhuanaithe chibearshlándála maidir le tionsclaíocht, teicneolaíocht agus taighde ina leagtar amach moltaí straitéiseacha i dtaca le forbairt agus fás earnáil Eorpach thionsclaíoch, theicneolaíoch agus taighde na cibearshlándála agus tosaíochtaí straitéiseacha do ghníomhaíochtaí an Lárionaid Inniúlachta
- ionstraimí airgeadais: An Clár don Eoraip Dhigiteach agus Fís Eorpach
- an cibearphobal: an líonra, an grúpa comhairleach straitéiseach agus na geallsealbhóirí cibearshlándála Eorpacha uile
Tuilleadh eolais
Teagmháil
An Lárionad Eorpach Inniúlachta um Chibearshlándáil
- Ainm
- An Lárionad Eorpach Inniúlachta um Chibearshlándáil
- Suíomh gréasáin
- https://cybersecurity-centre.europa.eu/index_ga
- Seoladh ríomhphoist
- info
eccc [dot] europa [dot] eu
- Seoladh poist
Ollscoil Pholaiteicnice Bhúcairist Centrul CAMPUS, Bulevardul Iuliu Maniu Nr.6, Sector 6
061344 Búcairist
An Rómáin- Na meáin shóisialta