Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Gníomhaireacht dhíláraithe

An Lárionad Eorpach Faireacháin um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA)

Logo of European Monitoring Centre for Drugs and Drug Addiction (EMCDDA)

Forbhreathnú

Cuireann EMCDDA faisnéis oibiachtúil, iontaofa, inchomparáide atá bunaithe ar fhíricí ar fáil ar an leibhéal Eorpach don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit faoi dhrugaí agus andúil i ndrugaí agus faoi thoradh na nithe sin. Tá sé mar aidhm aige fianaise a chur ar fáil ar mhaithe leis an bpróiseas ceaptha beartas agus le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh dul i ngleic le drugaí.

A ndéanann sé

Déanann EMCDDA:

  • monatóireacht ar fhadhb na ndrugaí san Eoraip (agus ar threochtaí atá ag teacht chun cinn freisin)
  • monatóireacht a dhéanamh ar réitigh a chuirtear i bhfeidhm ar fhadhbanna a bhaineann le drugaí
  • eolas a thabhairt faoi dhea-chleachtais sna Ballstáit agus na Ballstáit spreagadh iad a roinnt le chéile
  • measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le substaintí nua sícighníomhacha
  • córas luathrabhaidh faoi shubstaintí nua sícighníomhacha a stiúradh
  • uirlisí agus ionstraimí a cheapadh chun cabhrú leis na Ballstáit monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar na beartais náisiúnta atá acu agus chun cabhrú leis an gCoimisiún Eorpach monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh.

Iad sin a bhaineann leas as

  • lucht ceaptha beartas, ionadaithe na n-údarás náisiúnta agus ionadaithe institiúidí an Aontais san áireamh
  • eolaithe agus taighdeoirí
  • eagraíochtaí idirnáisiúnta
  • cleachtóirí
  • an pobal.

Ionas go leanfaidh sé de bheith ábhartha ó thaobh ceapadh beartas de, tá EMCDDA á athrú féin, ó mhúnla atá dírithe ar fhaisnéis go múnla atá dírithe ar sheirbhísí, múnla lena gcuirtear anailís ar fáil do na comhlachtaí a dtugann sé comhairle dóibh atá curtha in oiriúint do na riachtanais atá acu.

Féach freisin

Eolas faoi EMCDDA

Nuacht

Imeachtaí

Foilseacháin

Gníomhaíochtaí

Réimsí (A-Z)

Teagmháil

An Lárionad Eorpach Faireacháin um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA)

Ainm
An Lárionad Eorpach Faireacháin um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí (EMCDDA)
Suíomh gréasáin
https://www.emcdda.europa.eu/index_en
Seoladh ríomhphoist
infoatemcdda [dot] europa [dot] eu
Uimhir ghutháin
+351 21 121 02 00
Uimhir facs
+351 21 121 03 80
Seoladh poist

Praça Europa 1 Cais do Sodré
1249-289 Lisboa
An Phortaingéil

Na meáin shóisialta