Forléargas
- Ról: Eolas fíorasach, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide a chur ar fáil, mar aon le luathrabhadh agus measúnú riosca i dtaca le drugaí agus andúil i ndrugaí, chomh maith le moltaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le drugaí.
- Stiúrthóir: Alexis Goosdeel (an Bheilg)
- Insealbhú: 2 Iúil 2024 (in ionad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (EMCDDA))
- An líon foirne: 115
- Láthair: Liospóin (an Phortaingéil)
- Suíomh gréasáin: Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh
Is é sprioc fhoriomlán EUDA cur le hullmhacht an Aontais Eorpaigh i dtaca le drugaí. Tá a cuid oibre eagraithe de réir ceithre chatagóir seirbhíse: réamh-mheas, foláireamh, freagairt agus foghlaim. Déanann an ghníomhaireacht: réamh-mheas ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo a bhaineann le drugaí agus ar a n-iarmhairtí; foláirimh a eisiúint i bhfíor-am i dtaca le rioscaí nua drugaí agus bagairtí nua ar an tsláinte agus ar an tslándáil; cuidiú a chur ar fáil don Aontas agus dá Bhallstáit lena bhfreagairtí d’fheiniméan na ndrugaí a neartú; agus malartú eolais agus foghlaim a éascú ar fud an Aontais le haghaidh beartais agus idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise.
An méid a dhéanann sí
Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh
- monatóireacht a dhéanamh ar fhadhb na ndrugaí san Eoraip (treochtaí atá ag teacht chun cinn ina measc) agus ar na réitigh a chuirtear i bhfeidhm ar fhadhbanna a bhaineann le drugaí
- cumais measúnaithe bagairtí a fhorbairt i réimsí na sláinte agus na slándála, agus ar an gcaoi sin méadaítear ullmhacht an Aontais chun na bagairtí nua sin a shainaithint agus freagairt dóibh
- foláirimh a eisiúint, trí chóras nua Eorpach foláirimh drugaí, nuair a thagann substaintí ardriosca ar an margadh (rud a chomhlánaíonn na córais náisiúnta rabhaidh agus Córas Luathrabhaidh an Aontais maidir le substaintí sícighníomhacha nua)
- monatóireacht a dhéanamh ar úsáid ilsubstaintí agus aghaidh a thabhairt uirthi, ar rud í atá ag éirí níos coitianta agus a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha sláinte a bheith aici
- líonra de shaotharlanna fóiréinseacha agus tocsaineolaíocha a bhainistiú chun malartú eolais a chothú i dtaca le treochtaí agus forbairtí nua, agus chun oiliúint a chur ar shaineolaithe fóiréinseacha náisiúnta drugaí
- idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise agus dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn
- taighde agus tacaíocht a chur ar fáil, i dtaca le saincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, agus maidir le margaí drugaí agus soláthar drugaí
- tacú le beartais atá bunaithe ar fhianaise a mheas agus a fhorbairt go neamhspleách
- a bheith i mbun ról idirnáisiúnta níos láidre agus tacú leis an Aontas i mbeartas drugaí ar leibhéal iltaobhach
- ról na bpointí fócasacha náisiúnta a threisiú chun a chinntiú go mbeidh na Ballstáit in ann sonraí ábhartha a bhaineann le drugaí a chur ar fáil don ghníomhaireacht
- monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí a bhaineann le gáinneáil ar réamhtheachtaithe drugaí agus lena n-atreorú agus rannchuidiú le cur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí i dtaca le réamhtheachtaithe drugaí
Cé a bhaineann tairbhe as?
- lucht ceaptha beartas, údaráis náisiúnta agus ionadaithe institiúidí an Aontais ina measc
- eolaithe agus taighdeoirí
- eagraíochtaí idirnáisiúnta
- cleachtóirí
- an pobal i gcoitinne
Chun go leanfaidh sé de bheith ábhartha ó thaobh beartais de, tá an EUDA ag bogadh ó shamhail atá dírithe ar fhaisnéis go samhail atá dírithe ar sheirbhís, samhail lena soláthraítear anailís atá curtha in oiriúint do riachtanais na gcomhlachtaí a dtugann sé comhairle dóibh.
Tuilleadh eolais
Teagmháil
Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh
- Ainm
- Gníomhaireacht Drugaí an Aontais Eorpaigh
- Suíomh gréasáin
- https://www.euda.europa.eu/index_en
- Seoladh ríomhphoist
- infoeuda [dot] europa [dot] eu
- Uimhir ghutháin
- +351 21 121 02 00
- Uimhir facs
- +351 21 121 03 80
- Seoladh poist
Praça Europa 1 Cais do Sodré
1249-289 Liospóin
An Phortaingéil- Na meáin shóisialta